
Lá Teaghlaigh na Nollag
Cuirfear fáilte roimh theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile. Beidh imeachtaí ar fáil do gach duine sa teaghlach idir óg agus fásta. Beidh seó dráma speisialta le Cleamairí Feirste, Pluais Dhaidí na Nollag, Ceardlann Ealaíne, Ceardlann Bhláthfhleasc, Peinteáil Aghaidhe, Seacláid The, Sóláistí agus léir mór eile.
Cá huair?
5 Nollaig 2026, 11:00 am.Cá háit?
Ionad Uíbh Eachach
34a Corrán Iveagh
BT12 6AW
Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?
Brian Mac An tSionnaigh: 02890329180