Maidir linn
Tá stádas oifigiúil pleanála teanga bronnta, don chéad uair ariamh i stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht.
In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stádas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge'; Iarthar Bhéal Feirste ina measc.
Cuireadh maoiniú ar fáil i 2018 le Plean Teanga a ullmhú don cheantar. Tá an plean d’iarthar Bhéal Feirste faofa ag Foras na Gaeilge agus aitheantas bronnta ó Rialtas na hÉireann. I Meán Fómhair 2022, ceapadh comhordaitheoir Pleanála Teanga leis an phlean a chur i bhfeidhm thar 7 mbliain.
Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (Fís an Phobail) ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn.
Tugann an stádas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus bheireann an maoiniú breise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéananna an soláthar reatha a aithint, a mheas agus na hachmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fana bhuanú agus a neartú.
Faoin cheantar
In achar de thrí mhíle cearnógach tá:
- 5 bhunscoil lánGhaeilge;
- 6 naíscoil;
- An Ghaelcholáiste is mó in Éirinn le Coláiste Feirste;
- Spórtlann na hÉireann;
- 3 chumann óige agus eagraíocht ionadaíoch réigiunach óige, Fóram na nÓg;
- Dhá eagraíochtaí pobail atá maoinithe ag an Scéim Phobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge in Ionad Uibh Eachach agus Glór na Móna;
- Dhá chúram lae rathúil mar atá Ionad Uibh Éachach agus Teach Mamó;
- Lár-ionad Cultúrtha agus Ealaíne in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich;
- Raidió Pobail lán-aimseartha in Raidió Fáilte;
- Compántas Dramaíochta Gairmiúil, Aisling Ghéar;
- Cumann Lúthchléas Gaeil lánGhaeilge, CLG Laochra Loch Lao;
- Lárionad foghlama Gaeilge I gCumann Chluain Áird;
- Comhlacht Traenála agus Gairmoideachais mar atá Gaelchúrsaí;
- Aisíntacht Forbartha Gaeilge agus Gnó in Forbairt Feirste;
- Iontaobhas na Gaelscolaíochta;
- Comhairle na Gaelscolaíochta;
- Conradh na Gaeilge;
- Coláiste Ollscoile Naomh Muire
- An illiomad cumainn spóirt, oidhreachta agus pobail atá ag cur go mór leis an obair forbartha teanga.
Léirigh torthaí an daonáirimh i 2020 rud a mhothaigh muid le tamall, go bhfuil Iarthar Bhéal Feirste mar cheann cheathrú na hathbheochana chomhaimseartha Ghaeilge.

Cé muid?

Ciarán Mac Giolla Bhéin
Comhordaitheoir Pleanála Teanga
Is é Fís an Phobail atá freagrach as an phlean teanga do Líonra Gaeilge a fhorbairt agus a chur i gcrích. Is plean teanga seacht mbliana atá i gceist a bhfuil sé mar aidhm leis cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge agus leis an líon deiseanna úsáide teanga i Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste. Is ar an comhordaitheoir Pleanála Teanga a bheidh an freagracht phríomhghnéithe an plean a chur i bhfeidhm, trí chomhoibriú le grúpaí agus tionscadail teanga sa cheantar agus trí thograí úra teanga a fhorbairt agus a bhainistiú.

Damien MacAilín
Bainisteoir Forbartha Cumann agus Cluichí (Laochra Loch Lao)
Tá mé freagrach as bainistíocht agus comhordú Phlean Forbartha Chumann Laochra Loch Lao CLG i ngach gné den chumann. Tá béim ar leith ar fhorbairt an chumainn i gcúrsaí foirne, go háirithe san ógchumann, maidir le hearcaíocht, traenáil agus forbairt cumais.
Tá mé freagrach freisin as feasacht an chumainn a ardú i measc na nGaelscoileanna sa chathair agus as caidrimh dhearfacha a chothú le páirtithe leasmhara cuí, ar mhaithe leis an chumann, leis na cluichí Gaelacha agus le forbairt na Gaeilge trí chéile.
I measc na bpríomhdhualgas tá:
- soláthar deiseanna ar ardchaighdeán CLG do pháistí sa chóras Gaeloideachais, agus
- forbairt agus soláthar traenála chuí do chóitseálaithe an chumainn.
Tá an cur chuige seo ag teacht go hiomlán le Plean Forbartha Náisiúnta an CLG.

Bríd Nig Aoidh
Oifigeach For-Rochtana Pobail (Laochra Loch Lao)
Is mé an tOifigeach For-Rochtana Pobail ag CLG Laochra Loch Lao. Is club CLG lán-Ghaeilge é Laochra Loch Lao, atá lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste. Is é an phríomhsprioc a bhaineann le mo phost ná forbairt a chur i bhfeidhm sa chumann, lasmuigh den pháirc, agus tógáil ar an phobal atá thart an chumainn.
Ó lá go lá, oibrím go cóngarach le mo chomhghleacaí, Damien McCallin, agus bíonn muid ag obair le chéile chun sceideal na foirne a eagrú agus chun campaí agus cluichí peile a reachtáil don ógchumann. Mar pháirt de mo chuid oibre féin, tá mé freagrach as poiblíocht an chumainn ar na meáin shóisialta agus eagraím imeachtaí pobail chomh maith.
Is gné eile de mo chuid oibre é comhoibriú, agus, mar sin de, oibrím le heagraíochtaí Gaeilge eile thart ar an chathair, Fís an Phobail agus Glór na Móna ina measc. Bíonn muid ag bualadh le chéile go rialta, le sraith imeachta a chur le chéile agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge anseo i mBéal Feirste.

Pádraig Fhia Ó Mathúna
Oifigeach Inniúlachta
Is Oifigeach Inniúlachta le Fís an Phobail é Pádraig Fhia Ó Mathúna. Is iad na príomhfhreagrachtaí atá air ná cláracha inniúlachta, cumasaithe agus oideachais fad-saoil a fhorbairt (an Mheitheal Mheantóireachta agus an Cúrsa Cruinnis san áireamh). Tá sé freagrach fosta as taighde cuimsitheach a chur ar siúl i gcomhar le hOllscoil na Banríona agus comhpháirtithe eile chun riachtanais an phobail a mheas, comhoibriú a thógáil le heagraíochtaí agus scoileanna áitiúla agus náisiúnta, agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do phobal Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste trí chéile.

Sorcha Ní Chathmhaoil
Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh
Tá an Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh freagrach as tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus an obair sin a chur chun cinn, ag cur go díreach le cur i bhfeidhm an Phlean Teanga áitiúil.
Áirítear leis seo nasc agus caidreamh a thógáil le teaghlaigh, le scoileanna agus le heagraíochtaí Gaeilge sa cheantar.
I measc na bpríomhfhreagrachtaí tá comhordú a dhéanamh ar thionscadail lánpháirteacha ar nós ‘Suí agus Scith’, Scéim Samhraidh na Teaghlach, Am Scéalaíochta, Oíche Champála teaghlaigh, agus ceithre Lá Spraoi go bilantúil. Oibríonn an Chomhordaitheoir leis an gComhordaitheoir Pleanála Teanga, an Choiste ‘Ag Tógáil Clainne le Gaeilge’, agus le páirtnéirí ar nós Laochra Loch Lao, Ionad Uibh Eachach, An Chultúrlann agus eile chun an clár forbartha teaghlaigh a chur chun cinn go héifeachtach.