Tá Gaelscoil an Lonnáin i gcroílár an phobail in íochtar na bhFál le corradh le 20 bliain, ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí an cheantair. I nGaelscoil an Lonnáin, tá muid ar ár dteanndícheall ár gcuid foghlaimeoirí a spreagadh le gabháil sa seans agus na suimeannaí agus smaointíocha atá acu a fhiosrú i dtimpeallacht shábháilte chothaitheach. Chuige sin, cuireann muid an cúltúr Gaelach s’againne chun cinn ach ár dteanga, ár gcuid ceoil agus spóirt, agus na healaíona a fhiosrú. Spreagann muid timpeallacht chothaitheach agus is geall le scoil bheag tuaithe muid, áit a bhfuil aithne ag achan duine ar a chéile agus a dtacaíonn siad le chéile. Cuireann muid an pobal agus an Ghaeilge i gcroílár gach a ndéanann muid, rud atá le sonrú ar ár bhfísráiteas:
‘Pobal ag foghlaim, pobal ag forbairt, pobal ag fás.’
Is é an aidhm atá againn gach páiste a thabhairt go barr a gcumais, ach iad a spreagadh a gcuid suimeannaí a leanstan agus sult a bhaint as a gcuid foghlama. Is foghlaimeoirí maithe iad páistí sásta agus is é sin bunchloch ár n-éitis. Mar phobal, bíonn foireann na scoile, na tuismitheoirí agus na gobharnóirí ag obair gan sos gan scíth lena chinntiú go gcuirtear barr feabhais ar mhianach gach dalta ar an uile dhóigh. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as an suíomh iontach s’againne a fhiosrú.
Is mise le meas,
Mícheál Connolly
