Meonta an Díchoilínithe le Talha AlAli agus Bríd Ní Chíanáin

Is údar, gníomhaí chearta daonna agus bunaitheoir de chuid Decolonised Minds, ardán dírithe chur chuige cultúrtha agus polaitiúil i dtaca leis an tsláinte mheabhrach, é Talha AlAli (MSc, MA). Tá beagnach scór bliain de thaithí chliniciúil agus daonnúil aige, ag obair le marthanóirí cogaidh, céasadh, agus díláithriú ar fud na cruinne. Bunaíonn sé a chuid oibre ar an tráma, cultúr agus ceartas. Athshamhlaíonn a leabhar Decolonised Minds: When Radical Becomes Rational an tsíciteiripe le creatlach faoi scáth an díchoilínithe agus síceolaíocht fhuascailteach. Is gníomhaí síceasóisialta agus polaitiúil í Bríd Ní Chíanáin, comhbhunaitheoir Ionad Gestalt Bhéal Feirste agus comhstiúrthóir Ireland Somatic Experiencing. Is teiripeoir tráma le Relatives For Justice í Bríd ó bhí 1995 ann. Ar na mallaibh, ghlac sí páirt i dturas staidéir chuig na críocha gafa sa Phalaistín. Áitíonn an tsíceolaíocht fhuascailteach, atá lárnach in obair Bhríd, go bhfuil an tuiscint faoi cén dóigh a fhorbraíonn muid de dhíth ar chlaochlú sóisialta.

Cá huair?

14 Bealtaine 2026, 11:30 am.

Cá háit?

Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
BT12 7RJ

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Tarlach Barclaigh: 07909195524
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge