Coláiste Feirste

Coláiste Feirste

Fís Choláiste Feirste: Forbairt pobail labhartha Gaeilge fríd scoth an oideachais lánGhaeilge Cé Muid?

Ag eascairt as Gaeltacht Bhóthar Seoighe, bhunaigh an pobal Gaeilge i mBéal Feirste meánscoil i 1991 chun iar-bhunscolaíocht lánGhaeilge a sholáthar do pháistí na mbunscoileanna lánGhaeilge sa chathair; agus chun pobal labhartha Gaeilge a fhorbairt.

D’fhás agus d’fhorbair Coláiste Feirste as cuimse ón shin.  Ó naonúr daltaí agus beirt mhúinteoirí i gCultúrlann Mac Adaim-Ó Fiaich, tháinig méadú suntasach ar líon na ndaltaí, líon na foirne, ar an tsoláthar curaclaim, ar acmhainní agus áiseanna.  Sa lá atá inniu ann, tá an scoil suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, go fisiciúil agus go meonach.  Tá foireann mhór ardcháilithe de 160 ball foirne ann agus corradh le 1,000 dalta ag teacht ó 11 bhunscoil i mórcheantar Bhéal Feirste. 

Is aidhm le Coláiste Feirste an réimse is leithne iar-bhunoideachais trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus barr feabhais a bhaint amach i ngach gné den obair sin.  Is é ár ráiteas misin: “Scoth an oideachais trí mheán na Gaeilge”. Ach ní hionann an Gaeloideachas seo agus leagan Gaeilge den oideachas Béarla (ar thug an Piarsach “an meaisín dúnmharfa” air).  Cruthaíonn Coláiste Feirste timpeallacht shaibhir foghlama fríd an Ghaeilge, sain-oideolaíocht tumoideachais, cur chuige nuálach agus pobal scoile a chothaíonn gach uile páiste mar dhuine luachmhar den mhuintir s’againne.

Spreagann muid ár ndaltaí leis an mhana scoile Is Gael Mé le tuigbheáil gur oidhreacht bheo bhríomhar iad a dteanga agus a gcultúr. Cad is ciall leis an mhana seo, bheith i do Ghael? Is féiniúlacht, dearcadh agus sraith luachanna é a múnlaíodh tríd an teanga agus an cultúr Gaelach thar na glúnta; a cothaíodh in aimsir coilínithe agus coimhlinte; a coinníodh beo trí mhisneach agus mianach diongbháilte. 

Creideann muid nach féidir le teanga agus cultúr bheith ann ach nuair is féidir le daoine caidreamh agus comhoibriú a dhéanamh lena chéile.  Is gá pobal a fhorbairt d'aon turas le bheith i do Ghael.  Sin an méid a d'fhoghlaim muid ó na ceannródaithe a chuir Gaeltacht Bhóthar Seoighe ar bun.

Mar sin de, cuireann Coláiste Feirste scoth an oideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil do na mílte duine óg.  Ach ní scoil amháin atá á tógáil againn.  Tá pobal bríomhar, rathúil nualach á thógáil againn, ar na pobail labhartha Gaeilge is mó in Éirinn, diomaite de na ceantair Ghaeltachta seanbhunaithe.

Agus leanann muid orainn...

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge