An tÁisaonad
Soláthraí sainiúil d’áiseanna teagaisc agus foghlama
Cuireadh tús leis an Áisionad (mar a bhíodh), i mí na Samhna 1988, i mBunscoil Phobal Feirste. Aithníodh ag an am sin go raibh seirbhís ar leith de dhíth chun ábhair oideachasúla a sholáthar do na Gaelscoileanna.
I mí an Mhárta 1998, bhog an tÁisaonad (mar a cuireadh air ón am sin ar aghaidh) go Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, áit a bhfuil sé go fóill.
Sa lá atá inniu ann, tá an tÁisaonad ag cruthú áiseanna ardchaighdeáin teagaisc agus foghlama do na Gaelscoileanna, thuaidh agus theas. Tá réimse leathan d’ábhair ar fáil uainn, idir leabhair, chluichí agus acmhainní digiteacha, atá saindírithe ar riachtanais daltaí Gaelscoile. Spreagann na háiseanna nuálacha seo eispéireas foghlama an dalta, teagasc éifeachtach an mhúinteora agus forbairt earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile, ar fud na tíre.
Is féidir le scoileanna ár gcuid acmhainní a fhiosrú agus teagmháil a dhéanamh linn trínár suíomh www.aisaonad.org
