NASC - Acadamh na nÓg

ACHOIMRE AGUS CUSPÓIR AN CHLÁIR

Is scéim nuálach oiliúna agus cumasaithe í NASC - Acadamh na nÓg, atá á reáchtáil ag Fóram na nÓg, agus atá dírithe ar dhaoine óga idir 18-21 bliain d'aois. Is cuid lárnach í den obair leanúnach atá á déanamh ag Fóram na nÓg chun Obair Óige Ghaeilge a dhaingniú agus a chur chun cinn. Glacfaidh 12 printíseach páirt sa chlár idir 2025-26, a gcuirfidh modúil phraiticiúla agus theoiriciúla ar fáil bunaithe ar cheithre philéar an Acadaimh: Forbairt Scileanna, Cáilíochtaí, Taithí Oibre, agus Deiseanna Taighde.

Tá Acadamh na nÓg fréamhaithe in sa Múnla Oibre Óige Dhúchasach, a chuireann Fóram na nÓg chun cinn, ag cinntiú go bhfaigheann na rannpháirtithe oiliúint a bhfuil tábhacht chultúrtha agus phraiticiúil ag baint léi. I mbliana, tá lúcháir orainn a bheith ag obair i gcomhar le páirtithe acadúla agus pobail chun tionchar an chláir a mheas agus a fheabhsú.

SEO IAD THÍOSLUAITE EOLAIS CUÍ AGUS CUSPÓIRÍ NA SCÉIME:

  • Marfaidh an scéim 12 mí idir Aibrean 2025 - Márta 2026

  • Beidh rannpháirtithe lonnaithe 8 uair a chloig sa seachtaine in eagraíocht Gaeilge  ag obair go díreach le daoine óga

  • Is ról páirtaimsithe é seo atá íocaíocht £7,200.00 sa bhliain ag baint leis.

  • Clár cuimsitheach oiliúna a sholáthar a thabharfaidh scileanna pearsanta, sóisialta, gairmiúla agus sochtheangeolaíochta do rannpháirtithe.

  • Deiseanna creidiúnaithe a chruthú trí cháilíochtaí aitheanta, mar OCNanna, Ceadúnas Garchabhair, agus cosaint leanaí.

  • Taithí oibre phraiticiúil a chur ar fáil trí shocrúcháin in eagraíochtaí pobail Gaeilge, agus clubanna óige lán-Ghaeilge.

  • Deiseanna taighde a fhorbairt, ag díriú ar shuirbhéanna, ceistneoirí agus anailís a chuireann le tuiscint ar riachtanais earnáil na Gaeilge agus an aosa óig.

  • Rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh i bpleanáil teanga agus obair athbheochana.

  • Lucht saothair muiníneach, tiománta a fhorbairt a imreoidh ról lárnach sa ghluaiseacht amach anseo.

Seo sampla den chinnéal clár a chuireann muid ar fáil sa scéim seo:

MÍREANNA AN CHÚRSA

Beidh an cláir ar siúl idir Aibréan 2025 agus Meitheamh 2026. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rannpháirtithe i láthair ag gach seisiún. Má chailltear níos mó ná lá amháin, moltar gan leanúint leis an scéim.

Mír 1: Scileanna: Tá forbairt scileanna mar chroílár Acadamh na nÓg. Cuirfidh an mhír seo béim ar Obair Óige Dhúchasach fríd cóthú na scileanna pearsanta, sóisialta agus gairmiúla trí cheardlanna idirghníomhacha. Foghlaimeoidh rannpháirtithe na scilleanna bainteach le hObair Óige Dhúchsach

  • Traenail Obair Óige Dúchasach

  • Pleanáil Tobsmaointeoireachta

  • Ceardlann: Ag Miniú Maoiniú

  • Dúlra Dúchasach - Gairdín an Phobail / Wild Irish Retreat

Mír 2: Cáilíochtaí: Tabharfaidh an mhír seo cáilíochtaí aitheanta do rannpháirtithe, a neartóidh a gcumas gairmiúil agus a mhéadaíonn a ndeiseanna fostaíochta. Beidh cailíochtaí créidiúnaithe agus neamhchréidiúnaithe ar fáil.

  • OCN 2 i Obair Óige 

  • Garrcabhair 

  • Cosaint na Leanaí

Mír 3: Taithí Oibre: Tabharfaidh an mhír seo deis do rannpháirtithe a gcuid scileanna a chur i bhfeidhm i suíomh oibre fíor. Beidh socrúcháin phraiticiúla ar fáil i gclubanna óige lán-Ghaeilge agus in eagraíochtaí pobail. 

  • 8 uair lonnaithe in eagraíocht pobal/óige Ghaeilge

  • Deiseanna

Mír 4: Taighde: Spreagann an mhír seo rannpháirtithe le tabhairt faoi thionscadail taighde a dhéanfaidh scrúdú ar riachtanais agus ar dheiseanna don earnáil óige Gaeilge. Foghlaimeoidh siad conas suirbhéanna agus ceistneoirí a dhearadh, sonraí a bhailiú, agus torthaí a anailísiú. 

  • Iniúchadh Scileanna Pearsanta

  • Focas Grúpaí & Agallamh 

Táimid ag súil go mór leis an bhliain seo agus leis an tionchar a bheidh ag Acadamh na nÓg ar ár rannpháirtithe agus ar an earnáil óige trí chéile. Is clár é seo a fhásfaidh agus a neartóidh cumas, muinín agus tiomantas na rannpháirtithe, agus a chuirfidh le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i saol an aosa óig.

Cá háit?

Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
BT12 7RJ

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Carlaí: 000

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge