Cumann Óige Uachtar Chluanaí

Tá Cumann Óige Uachtar Chluanaí lonnaithe i gcroílár BhéalFeirste Thiar, i gceantar Bhaile Murchú, agus tá muid bródúilas seirbhís óige lán-Ghaeilge a chur ar fáil ceithre oíche satseachtain. Freastalaímid ar níos mó ná 300 duine óg gachseachtain, idir aois 7–18 mbliana, ó Rang 4 go dtí aois fhágálascoile. Bíonn an cumann oscailte Máirt gabh Aoine ó 6.15pm go 9.45pm, ag tairiscint timpeallacht shábháilte, spraíúil agusspreagúil ina bhfuil an Ghaeilge mar chroítheanga cumarsáideagus comhluadair.

Tá foireann de 12 oibrí óige againn – daoine díograiseacha, tiomnaithe a tháinig tríd an tseirbhís óige Ghaeilge féin agus a thuigeann riachtanais na n-óg dá bharr. Tá muid bródúil as árgcur chuige duine-lárnach, ag cur riachtanais agus leas an duine óig i gcroílár gach rud a dhéanaimid.

Tugaimid tacaíocht, spreagadh agus deiseanna forbarthapearsanta agus sóisialta do dhaoine óga trí chláirchruthaitheacha, spóirt, ceardlanna cultúrtha, turais agustionscadail phraiticiúla. Tá ár sprioc soiléir; infheistiú igceannairí an lae amárach don earnáil Ghaeilge, agus pobailláidre, muiníneacha a chothú a thabharfaidh aghaidh ardhúshláin an tsaoil le misneach agus le bród.

Is spás é Cumann Óige Uachtar Chluanaí ina mbíonn an Ghaeilge beo beathach, áit a bhfaigheann daoine ógatacaíocht, inspioráid agus deis a bheith páirteach i rud níos móná iad féin; pobal Gaelach bríomhar a bhfuil croí na hóigeann.

Cá háit?

Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
BT12 7RJ

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Tarlach Barclaigh: 0790915524
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge