Scéim Tacaíochta Gnó

Tacaíonn an scéim seo le fiontair bheaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Beidh gnólachtaí incháilithe i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.

Tá an buiséad don scéim seo teoranta. Glacfar agus déanfar measúnú ar iarratais go dtí go bhfuil an ciste caite.

Díríonn an scéim seo ar chumasú gnólachtaí brandáil i nGaeilge nó go dátheangach a chruthú. Tabhair faoi deara, is ar bhonn aon uaire gur féidir maoiniú meaitseála a lorg ar aon ghné den obair riachtanach chun brandáil chorpáideach do ghnólacht a athrú agus ní bheidh ath-iarratais ar an ábhar céanna a bhí maoinithe incháilithe.

Le tuilleadh eolais a fháil agus lena fháil amach an bhfuil go ghnólacht i dteideal maoiniú a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le Piarais Mac Alastair, ríomhphost piarais@forbairtfeirste.com

Cá háit?

Áras na bhFál
200-202 Bóthar na bhFál
BT12 6AH

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Piarais Mac Alastair : 07872896821
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge