An Ceathrú Póilí

An Ceathrú Póilí

Is siopa leabhair Ghaeilge neamhspleách é An Ceathrú Póilí agus muid ar an fhód le breis agus 40 bliain anois.

Is ardán buan é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus éagsúlacht mhór leabhar ann do gach aoisghrúpa agus do gach suimghrúpa mar aon le leabhair Bhéarla ar stair, ar pholaitíocht agus ar chultúr na hÉireann.

Bíonn spás ar na seilfeanna i gcónaí do scríbhneoirí áitiúla fosta.

Chomh maith leis na leabhair, tá réimse leathan cártaí Gaeilge is féiríní ann agus is ábhar mór bróid dúinn gur ceardaithe le Gaeilge agus ceardaithe logánta iad cuid mhaith dár soláthraithe.

Is breá linn na custaiméirí is na cuairteoirí a thagann thar doras isteach chugainn agus tá saineolas agus comhairle ar fáil ar an láthair dóibh i dtólamh.

Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, is mol litríochta fáilteach é an siopa – don leabharbhách, don phobal agus do dhuine ar bith ar suim leo an Ghaeilge, pobal na Gaeilge agus saol na Gaeilge.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge