An Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

An Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Is ionad ealaín, cultúir agus Gaeilge í Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich, lonnaithe ag croílár iarthar Bhéal Feirste ar Bhóthar na bhFál.

Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich lonnaithe i gcroílár Iarthar Bhéal Feirste agus is baile muid don iliomad imeachtaí Gaeilge, ealaíne agus cultúrtha a fhreastalaíonn ar ghach duine sa phobal. Bíonn ranganna Gaeilge, ceardlainne ealaíne, céilithe, imeachtaí do dhaoine agus agus ceolchoirmeacha agus taispeántais ealaíne ar siúl le linn na bliana.

Is féidir bualadh isteach linn am ar bith le freastal ar imeacht dár gcuid, le seal a chaitheamh ag amharc ar na taispeántais álainn atá oscailte don phobal i gcónaí.  Thiocfadh leat bualadh isteach chuig An Ceathrú Póilí, siopa leabhar agus bronntanas lonnaithe anseo nó greim bia a fháil sa chaife blasta Bia. 

Tá réimse galánta spásanna ar fáil ar cíos anseo fosta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich atá oiriúnach do chuid mhór imeachtaí éagsúla.

Tá muid sásta cloisteáil uait in am ar bith! Más maith leat tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí anseo, seomra a chur in áirithe nó ceist a chur orainn maidir le aon rud eile, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge