Conradh na Gaeilge

Conradh na Gaeilge

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne.

Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth-theanga na hÉireann. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893 tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge roghnaithe ag Foras na Gaeilge, an foras uile oileánda ag feidhmiú ar son an dá Rialtas thuaidh agus theas leis an Ghaeilge a chur chun cinn, mar cheann de na sé cheanneagraíocht atá maoinithe acu leis an Ghaeilge a fhorbairt ar oileán na hÉireann. Go príomha, tá Conradh na Gaeilge roghnaithe le tabhairt faoi chosaint teanga, ionadaíocht agus ardú feasachta ar an Ghaeilge.

Tá 180 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin.

Tá breis eolais faoi obair an Chonartha le fáil ag www.cnag.ie.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge