Is grúpa Gaeilge muid a bunaíodh i mí Mheán Fómhair na bliana 2023 chun freastal ar riachtanais teanga cheantar Bhaile Andarsan. Thug muid faoi deara go raibh borradh nach beag faoi ranganna Gaeilge fud fad chathair Bhéal Feirste, ach go raibh gantannas ranganna ann i gceantar Bhaile Andarsan/Bhóthar Seoighe, áit ar bunaíodh an chéad Ghaeltacht uirbeach sa bhliain 1969, Gaeltacht Bhóthar Seoighe.
Tá Craobh Uí Thuama ainmnithe in ómós Dhiarmuid Ó Tuama, fathach mór teanga a cailleadh i mí Eanáir na bliana 2023. Bhí Diarmuid ina ghníomhaí tiomanta teanga agus é mar iar-phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste. Tá a thionchar agus a lorg go mór le mothú go fóill fríd obair na craoibhe, óir gur iar-dhaltaí de Dhiarmuid iad gach ball den choiste eagrúcháin.
Solathraíonn Craobh Uí Thuama ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha do dhaoine fásta. Tá muid thar a bheith tiomanta d’fhorbairt leanúnach ár bhfoghlaimeoirí; chuige sin, tá rud a thosaigh mar chúrsa glantosaitheoirí 12 seachtain i mí Mheán Fómhair 2023 anois forbartha go cúrsa cuimsitheach 3-théarma, atá anois ag freastal ar mheánrang íochtarach, bunrang agus glantosaitheoirí. De réir mar a fhorbraíonn ár bhfoghlaimeoirí, forbraímid. Thíos, tá briseadh síos garbh ar sceideal na dtéarmaí:
Téarma 1: Deireadh Mheán Fómhair - lár mhí na Nollag
Téarma 2: Mí Eanáir - lár mhí an Mhárta
Téarma 3: Mí Aibreáin - mí an Mheithimh
Solathraímid sraith imeachtaí i rith na bliana chomh maith; déanaimid léachtanna, cainteanna, siúlóidí, ritheanna, ciorcal comhrá míosúil, dianchúrsaí agus go leor leor eile. Déanaimid gach iarracht cinntiú go bhfuil na deiseanna is fearr ag ár bhfoghlaimeoirí ceachtanna an tseomra ranga a chur i gcleachtas agus cur chuige iomlánaíocht a chur i bhfeidhm agus iad ar an aistear seo.
