Is clár cumasaithe í an Mheitheal Meantóireachta atá dírithe ar ghníomhaithe teanga agus orthu siúd a bhfuil ag obair nó ag cuardach oibre san earnáil pobail Gaeilge atá ag dul faoi bhláth le gairid. Cuireann an cúrsa nuálach seo meascán de modúlacha praicticúla agus teoiriciúla ar fáil agus sa bhreis ar na scileanna luachmhara agus an t-oideachas polaitiúil atá le gairm ón chúrsa, tá gné lárnach sóisialta ag baint leis.
Tá an togra seo mar chuid den obair atá ar bun ag an tionscadal pleanála teanga, ‘Fís an Phobail’ - atá ag iarraidh tógáil ar an obair athbheochana sa cheantar, a thoil aird agus aitheantas idirnaisiúnta.
Le blianta beaga anuas tháinig borradh nach beag ar líon na n-oibrithe (lán-aimseartha, páirt-aimseartha agus deonacha/mic léinn) atá ag obair in earnáil na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.
Léiríonn seo forbairt as cúimse na Gaeilge sa phobal le fiche bliain anuas agus na dúshráith láidre ar tógadh ón bhun aníos thar blianta fada. De bharr an bonneagar láidir pobal-bhunaithe seo, tionchar an fheachtais leanúnach ar son cearta teanga ar an díoscúrsa poiblí agus stádas na Gaeilge sa sochaí trí chéile agus na féidirtheachtaí a eascróidh ó aon reachtaíocht teanga, tá deiseanna iontacha tógáil air seo sna bliantaí amach romhainn ar bhealach a dháingníonn an t-athbheochan agus a neartaíonn athghabháil na Gaeilge mar theanga phobail.
Chun na deiseanna sin a thapú ar an bhealach is éifeachtaí áfach, ní mór go mbíonn lucht saothair cumasach, tiománta, oilte ag teacht chun tosaigh. De bhrí sin, chuir muid clár traenála ar fáil. Tá an chúrsa seo a sholáthar ó Eanáir go Nollaig, le seisiún lae amháin gach mí.
Is iad na spriocanna atá ag an mheitheal seo:
Clár oiliúna agus cumasaithe a shólathar d’oibrithe (lán-aimseartha, páirt-aimseartha agus deonacha/mic léinn) atá ag obair in earnáil na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais le taithí agus scileanna praiticiúla, ábhartha a chur ar fáil a chuideoidh leo tabhairt faoin obair phobal-bhunaithe athghabhála teanga ar an bhealach is éifeachtaí.
Nascanna a chothú idir oibrithe san earnáil Gaeilge, go háirithe iad siúd atá nua-fhostaithe ar bhealach a éascaíonn comh-oibriú agus comhthuiscint ar an obair agus ar an earnáil trí chéile.
Lucht saothaoir muiníneach, tiománta a fhorbairt ar bhealach a mhéadaíonn an seans go gcoinneoidh muid san earnáil iad.
Tá bórramh ag teacht ar an chúrsa ó thosaigh muid leis an scéim píolótach i 2023 a bhí dírithe ar rannpháirtithe Bhéal Feirste amháin, agus rannpháirtithe anois ag freastal ar an chúrsa seo ó fud fad na hÉireann - níl a leithéid ar fáil trí Ghaeilge aon áit eile sa tír. Sa bhreis ar na trí haonad foghlamtha nua ar cuireadh leis an chúrsa i mbliana, tá deireadh seachtaine imchónaithe eagraithe againn go Gaeltacht Ghaoth Dobhair.
I gcomhar le hionad na dteangacha in Ollscoil na Ríona, déantar taighde leanúnach ar thionchar na scéime chun cinntiú go bhfuil an cúrsa á sholáthar ar an dóigh is éifeachtaí a chuimsíonn riachtanais na hearnála agus a thógann ar an chleachtais is fearr bliain i ndiaidh bliana.
