Is ionad pobail Gaeilge é Ionad na Fuiseoige a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus lucht an phobal trí ghníomhaíochtaí sláinte, oideachais agus caitheamh aimsire.
Cuirimid ranganna Gaeilge ar gach leibhéal ar fáil agus ranganna/ceardlanna éagsúla ealaíon agus ceardaíochta ar fáil fosta.
Tá scioból na bhfear bríomhar Gaeilge againn agus grúpa comhshaoil ban ag feidhmiu againn.
Tá scoil cheoil thraidisiúnta faoi bhláth againn, Cumann Ceoil na Fuiseoige, ag cur ranganna ar fáil ar 11 uirlis éagsúil. Bíonn seisiúin cheoil beo againn go seachtainiúil.
Cuirimid cúram lae lánaimseartha agus seirbhís iarscoile ar fáil idir 8rn - 6in Luan go hAoine. Oibrímid 2 ghrúpa súgartha do pháistí idir dhá bhliain agus trí bliana d’aois agus reáchtáilimid dhá Naíscoil i gcomhar leis an Roinn Oideachais.
Tá Club Óige a reáchtáil againn dhá oíche gach seachtain idir 6in - 10in.
Tá ‘An Seomra Tae’, ár gcaifé pobail, ar oscailt ó Luan go hAoine 10rn - 2in.
Tá ár siopa ceardaíochta, le míreanna Gaeilge, déanta go háitiúil, agus cártaí beannachta ar oscailt ó Luan go hAoine 9rn - 5in. Tá áis amharclainne agus pictiúrlainne lántrealmhaithe againn.
