Laochra Loch Lao CLG

Laochra Loch Lao CLG

Is cumann CLG é Laochra Loch Lao a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Bunaíodh an cumann mar chomhchumann i 2006 agus ansin mar chumann neamhspleách i 2017.

Táimid ag dul ó neart go neart ó shin agus nach mór 400 ball againn faoi láthair agus foirne againn suas go F16 faoi aois agus foirne sinsir fir agus mná atá iomaíoch i sraitheanna Aontroma agus táimid lonnaithe sna háiseanna iontacha spóirt i Spórtlann na hÉireann.

Tá cláracha spóirt ar fáil againn d’achan aoisghrúpa, ó na páistí is óige, a rugadh i 2022, go dtí na máithreacha agus mná a mbíonn ag imirt ar an fhoireann ‘Laochra ar Leath Luas’.

Glacann muid páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta gach bliain thar ceann Gael Aontroma agus is muid an t-aon fhoireann ó na Sé Chontae a mbíonn ag imirt ag an Chomórtas speisialta seo.

Ní hamháin gur cumann CLG muid, ach tá muid páirt de phobal na Gaeilge anseo in Iarthar Bhéal Feirste. Bíonn muid ag reachtáil imeachtaí shóisialta le linn na bliana chun pobal a thógáil anseo i Laochra Loch Lao.

Is é an mana atá againn ná ‘Saol trí Ghaeilge, Spórt trí Ghaeilge’. Tugann muid deis de bhaill Laochra a tsaol a chaitheamh go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus is é seo an sprioc is mó atá againn.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge