‘Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine’ – agus aithnítear cara i gcruatan. Anois agus ár bpobail ag tabhairt aghaidh ar phraghsanna atá ag síormhéadú, ar ghéarchéim tithíochta, agus ar athrú aeráide, tá muid ag teacht le chéile chun ár dtalamh a athghabháil, ár sléibhte a athdhúlrú, ár mbia féin a fhás, agus ár gcaidrimh a chothú.
I nGairdín An Phobail, tá muid ag nascadh pobail imeallaithe lenár gcóras bia agus lenár dtimpeallacht, ag tabhairt cur amach ár sinsir agus eolaíocht an lae inniu linn, agus ag soláthar táirgí orgánacha mar rogha eile in ionad bia an-phróiseáilte. Tacaíonn muid le hiarrachtaí an ghnáthphobail dul i ngleic leis an ghéarchéim timpeallachta, cuireann muid spás ar fáil do ghrúpaí feachtasaíochta, agus déanann muid ár ndícheall caidreamh níos láidre a chothú idir ár bpobal agus an talamh a bhfuil muid ar fad inár gcónaí air. Bígí linn agus beidh linn!
Baineann breis agus 13 bunscoileanna, meánscoileanna, cumainn óige agus eagraíochtaí leas agus tairbhe as an ghairdín achan tseachtain.
Glacann breis agus 50 garraíodóirí pobail páirt in obair an Ghairdín achan tseachtain.
Cuireadh breis agus 1000 crainn dhúchasacha inár gcathróga go dtí seo, ag tacú leis an ‘Black Mountain Rewilding Project’.
Caitheadh breis agus 4000 buamaí síolta ar thalamh tréigthe uirbeach ar fud Bhéal Feirste.
