Tá stadas oifigiúil bronnta, don chéad uair ariamh I stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht. In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stadas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge; Iarthar Bhéal Feirste ina measc.
Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste (Fís an Phobail) ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stadas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus deis, i gcomhar lenár bpáirtnéirí fud fad an cheantar iontach seo, atá ag obair go dian dícheallach ar son na Gaeilge le fada, an soláthar reatha a bhuanú agus a neartú agus na bearnaí a líonadh. Le chéile, tá pobal againn!
