Is ceiliúradh é Oireachtas na Samhna ar ealaíona agus traidisiúin na Gaeilge.
Tá an iomad imeachtaí i gceist idir thaibhealaíona, lena n-áirítear comórtais shinsir agus shóisir araon, sheisiúin fhormeálta agus neamhfhoirmeálta cheoil agus amhránaíochta, thaispeántais, sheimineáir, dhrámaí agus lear mór imeachtaí imeallacha.
Is trí mheán na Gaeilge a chuirtear na himeachtaí uilig i láthair agus bíonn deis ar leith ag cainteoirí Gaeilge, as Gaeltacht agus Galltacht, teacht i gceann a chéile, a bhfoghlaim a mhalartú agus an teanga agus cultúr a cheiliúradh.
Is in 1997 a d’óstáil Béal Feirste an fhéile go deireanach agus i measc na gcathracha óstacha eile bhí Cill Airne, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh.Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
