Fáilte chuig Ag Tógáil Clainne le Gaeilge, tionscadal atá dírithe ar theaghlaigh a chumhachtú chun a gclann a thógáil le Gaeilge, i bpobal bríomhar agus tacúil.
Bunaithe in Iarthar Bhéal Feirste, soláthraímid tacaíocht shóisialta agus teanga riachtanach ó na céimeanna is luaithe i saol linbh, ag tacú le caidrimh a thógáil fríd an teanga.
Cruthaíonn na seirbhísí seo spásanna spraíúla, sábháilte do theaghlaigh le teacht le chéile agus an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus go sóisialta.
I measc na seirbhísí tá Suí is Scíth, Am Scéalaíochta, Scéim Samhraidh na dTeaghlach agus Oíche Champála – le tuilleadh eile ar an bhealach.
Tá ár n-obair bunaithe ar thaighde a rinne muid – ‘Saol trí Ghaeilge’. Tá muid dírithe ar riachtanas na seirbhísí seo a chomhlíonadh, le cinntiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach ar thacaíocht agus seirbhísí ar ardchaighdeán.
