Smaointe Fánacha

"Scoilbhliain eile faoi lán seoil. An samhradh imithe i bpreabadh na súl. Sin é..."
Smaointe Fánacha

An mana sin a thaitníonn le tuismitheoirí agus caomhnóirí fadfhulangacha na tíre agus a chuireann déistin ar pháistí beaga agus móra, in amanntaí nó, ar uairibh, gruaim ar mhúinteoirí iontacha na tíre! Scoilbhliain eile faoi lán seoil. An samhradh imithe i bpreabadh na súl. Sin é.

Ní raibh Fómhar beag na ngéanna le mothú san aimsir agus na daltaí scoile ag pilleadh ar scoil agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch, a mhalairt a bhí ann ar bhealach. Mhothaigh mé go raibh an samhradh go breá agus táimid i lár an fhómhair cibé anois, meán an fhómhair, Meán Fómhair, de réir na gCeilteach!

Ach, má bhíonn muid ar fad ionraic linn féin, múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí, is maith linn an gnáthamh…..an routine mar a deir lucht an Bhéarla!

Is maith le gach duine gnáthamh ceart rialta a bheith acu, idir óg agus aosta. In amanntaí, bíonn muid ag casaoid agus ag gearán faoin obair, faoin tsaol agus faoi ghnáthchúrsaí an lae. Ach, crónaíonn muid é fosta. Santaíonn muid ar bhealach é. Cuireann fáilte roimhe. Agus cogair é, is maith leis na daltaí, scoile é fosta. Routine.

Daltaí scoile ó gach cearn de Bhéal Feirste agus ceithre hairde is fichead na hÉireann ar ais ar scoil agus ag cur chlár ama de ghlanmheabhair. Is maith le déagóirí go mbíonn an struchtúr sin acu. Is maith le páistí beaga bunscoile go mbíonn an patrún acu. Is maith linn uilig é ar bhealach.

Gach oíche Luain, i dteach s’againne i ndiaidh am scoile, bíonn cleachtadh peile le Cumann Naomh Pól Faoi 14 agus Faoi 16. Bíonn na mílte páistí ag freastal ar chumainn agus ar ghníomhachtaí de chuid an CLG fud fad na tíre. Tugann sé sprioc do na páistí, faoiseamh do na tuistí agus gan dabht ar bith cuireann sé le sláinte fisiceach agus le meabhairshláinte na bpáistí. 

Is fíor a rá go mbíonn barraíocht am scáileáin ag páistí ár linne, ach ar an láimh eile, bíonn scaifte ollmhór páirteach i ngníomhachtaí spóirt agus cumainn, macasamhail sacar, peil, iománaíocht, camógaíocht, reathaíocht, haca agus cibé rud eile. Tá borradh faoi pheil ghaelach na gcailíní. Deirtear go bhfuil peil na mban ar an spórt is mó fáis ar an oileán. Chreidfinn sin, feicim é. Is rud iontach é. Is cinnte go bhfuil athbheochan sa chamógaíocht fosta! 

Nár bhain foirne Aontroma na mban, craobh peile agus craobh camógaíochta an samhradh seo! Maith sibh! 

Mar sin, bígí dearfach deimhneach go bhfuil do pháiste ag imirt spóirt agus go gcaithfidh tú tiomáint go Ros Earcáin, Bun Abhann Dalla nó Port Chluain Eoghain no áit choimhthíoch eile oíche Aoine fá choinne cluiche camógaíochta nó Go Games faoi 10! Smaoinigh ar na buntáistí do do pháiste!

Is cinnte go bhfuil lúcháir mhór ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí agus na páistí uilig ar ais ar scoil. Bígí ag tabhairt amach faoin trácht agus na scuainí do na Gliders, ach os a choinne sin, nach bhfuil an t-ádh orainn in iarthar Bhéal Feirste go bhfuil plúr na scoileanna againn. Bunscoileanna, gaelscoileanna, meánscoileanna agus gan amhras an gaelcholáiste is mó in Éirinn, Coláiste Feirste. Is aoibhinn beatha an scoláire!

Is cúis ceiliúrtha agus ábhar mórtais gan aon agó caighdeán an oideachais i scoileanna an iarthair, scoileanna a chuireann ar fáil réimse leathan d’imeachtaí seach-churaclam d’ár bpáistí sa tseomra ranga agus taobh amuigh den tseomra ranga. I scoileanna áirithe, bíonn Cumann Bricfeasta agus Cumainn Iar-scoile ar bharr gnáthchlár an lae.

Mar sin de, thiocfadh le do pháiste bheith ar scoil óna hocht ar maidin go dtí a ceathair nó leath i ndiaidh a ceathair. An chloch is mó ar phaidrín an tuismitheora ná an chaomhnóra go bhfuil a pháiste sábháilte ag foghlaim agus ag forbairt.

Tá saol scoile agus saol oibre iomlán difriúil leis an dóigh mar a bhí. Brú na nua-aoise! Bíonn tuismitheoirí a bhfuil post buan lánaimseartha ag brath ar comhoibriú óna dtuismitheoirí féin, bíonn ról níos suntasaí ag daideo nó maimeo i saol na bpáistí an lae inniu. Is minic go mbíonn ról an-lárnach acu, go háirid le gogamanaíocht agus tachráin agus scoileanna ag críochnú ag amanntaí éagsúla!

Is maith liomsa an gnáthamh, nó gnáthchúrsaí an lae, coinníonn sé muid ag dul, ag rothlú ag feidhmiú. Áfach, abair os íseal é…. tá mé ag dúil le sos Oíche Shamhna!

 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge