
Meitheal Imram
Cé a Léifidh Leabhar Gaeilge?
Ní hionann cainteoir Gaeilge agus léitheoir Gaeilge. Cad é mar is féidir le scríbhneoirí, foilsitheoirí agus féilte litríochta phobal na Gaeilge a spreagadh chun leabhar Gaeilge a léamh? Cén ról atá ag eagrais Gaeilge, na meáin Gaeilge agus clubanna leabhar? I gcuid mhaith clubanna leabhar, is mná iad na baill uile – ach an bhfuil foilsitheoirí ag freastal ar an déimeagrafach seo i gceart? An bhfuil a léithéid de rud agus Sally Rooney na Gaeilge ann? Cad iad na leabhair is mó éilimh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht? Cén fhís atá againn chun litríocht don phobal i gcoitinne a chur chun cinn?
PLÉPHAINÉAL: Anna Heussaff, Eoin P. Ó Murchú, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus aíonna eile.
Arna eagrú ag IMRAM
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.