
An Clinic Leabhair
An léitheoir óg tú? Sa tóir ar shraith nua? Buail isteach chuig Clinic Leabhar Leabhair Pháistí Éireann! Labhair leis an Dochtúir Leabhar, faigh comhairle uathu maidir leis na leabhair is fearr leat agus tabharfaidh siad oideas duit leis an gcéad leabhar eile ar cheart duit a léamh, ar féidir a thabhairt leat chuig an siopa leabhar nó leabharlann áitiúil!
Tugann Dochtúirí Leabhar Leabhair Pháistí Éireann treoir maidir le leabhair do pháistí agus do theaghlaigh. Bunaithe ar chomhrá neamhfhoirmeálta agus a bhuí leis na cotaí bána, molann na Dochtúirí na leabhair is fearr don léitheoir óg, is cuma cén aois atá acu. Bíonn fáilte roimh gach teaghlach ag an gClinic Leabhar, beag beann ar chumas, riachtanais nó bacainní léitheoireachta. Beidh tús áite ag na daoine a thagann chuig an gClinic Leabhar ar dtús. Maireann gach coinne leis an Dochtúir Leabhar 10 go 15 nóiméad.
Arna eagrú ag Leabhar Pháistí Éireann.
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.