Seirbhís Phreispitéireach

Arna eagrú ag An Tor ar Lasadh le tacaíocht ón gComhairle agus ón Oirmhinneach David Moore atá i bhfeighil na Tionólainne in iarthar Bhéal Feirste.

Thosaigh an Tor ar Lasadh Seirbhísí Preispitéireacha le linn an Oireachtais i 1997 agus lean na seirbhísí ar aghaidh ó shin. Agus Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Bhéal Feirste i mbliana, beidh an tOirmhinneach Pádraigín Nic Giolla Bhríde i bhfeighil na Seirbhíse agus beidh An tOirmhinneach Jim Stothers ag seanmóireacht. Léifidh Linda Ervine agus Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív léachtaí agus beidh Jacynth Hamill i mbun ceoil in éineacht leis an ngrúpa Albanach, Glòraich.

Beidh Ministir Fitzroy, an tOirmhinneach Steve Stockman, Modhnóir na Eaglaise Preispitéirí in Éireann, An Fíor-Oirmhinneach Trevor Gribben agus An Sár-Oirmhinneach Easpag Alan Mac Eochagáin i láthair don tSeirbhís chomh maith.

Tá An Tor ar Lasadh faoi chomaoin mhór ag cainteoirí Gaeilge Caitliceacha agus baill d’eaglaisí eile a thacaigh leis na seirbhísí Preispitéireacha seo, agus a bhí páirteach iontu ó thús. 

Fáilte roimh chách.

Cuirfear tae/caifé ar fáil.

Cá huair?

2 Samhain 2025, 3:00 pm.

Cá háit?

Eaglais Fitzroy
77 Sráid na hOllscoile
BT7 1HL

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

eolas@antoireachtas.ie: 353091572545

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge