
Seoladh Phlean Forbartha an Chumainn agus Tráth na gCeist
A Chairde,
Ceann de na teachtaireachtaí ba láidre a tháinig ón aiseolas a fuaireamar le linn phróiseas pleanála an chlub ná an fonn go mbeadh níos mó deiseanna ann bualadh le chéile go sóisialta — ní hamháin ar an pháirc imeartha. Agus sin san áireamh, táimid ag spreagadh gach duine foireann tráth na gceist a chur le chéile agus Dé hAoine an 6ú a choinneáil saor ina ndialann.
Seolfar Plean nua an Chlub 2026–2029 go hoifigiúil Dé hAoine an 6ú Márta ag 7.00in i gCumann Chluain Árd. Ina dhiaidh sin, i gcomhpháirt le hIonad Uíbh Eachach, beidh Tráth na gCeist againn mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Beidh duaiseanna do na buaiteoirí, spotdhuaiseanna ar an oíche, buifé éadrom, beagán ceoil, agus beidh an beár ar oscailt le haghaidh sólaistí. Is é an táille iontrála ná £5 an duine, agus rachaidh an t-airgead ar fad go díreach i dtreo forbairt chlub na n-óg.
Táimid ag súil go mór lena fheiceáil cén fhoireann a chruthaíonn gurb iad is géire sa chlub — na fir shinsearacha nó na mná, an coiste, na Laochra Leathluas, daidí & leaids, na cóitseálaithe, lucht tacaíochta, nó tuismitheoirí agus teaghlaigh!
Is féidir leat teacht isteach ar an oíche agus íoc ag an doras, nó chun bord a chur in áirithe nó tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: cultur@ionadue.org.