
Oíche Champála Teaglaigh
Imeacht den scoth do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge
Beidh an campa teaghlaigh seo go hiomlán as Gaeilge, mar sin tá muid ag iarraidh go mbeidh Gaeilge labhartha réasúnta maith ag gach teaghlach, chun go mbeidh siad ábalta páirt a ghlacadh sa craic & spraoi. Ba mhaith linn go mbeidh gach duine compordach ag caint, ag súgradh, agus ag baint sult as an deireadh seachtaine. Mar sin, má tá tú láidir go leor sa chomhrá agus toilteanach Gaeilge a labhairt, tá tú réidh le dul!
Deis mhaith do chuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs shóisialta le teaghlaigh eile atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
Mar gheall ar an éileamh ard agus na spásanna an-teoranta, déanfar na háiteanna a roinnt trí chrannchur (lotto). Is é seo an modh is cothroime atá againn chun deis chomhionann a thabhairt do gach teaghlach.
Seo mar a oibreoidh sé:
Comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise roimh an spriocdháta.
Cuirfear gach teaghlach a chomhlánóidh an fhoirm isteach sa chrannchur.
Tarraingeoimid ainmneacha go dtí go mbeidh gach spás líonta.
Cuirfear na teaghlaigh eile ar liosta feithimh, in ord na dtarraingtí.
Rachaimid i dteagmháil le gach teaghlach, iad siúd a bhfaigheann áit agus iad siúd nach bhfaigheann, laistigh de sheachtain tar éis an spriocdháta.
Costas: Is é £45 an costas in aghaidh an teaghlaigh don deireadh seachtaine iomlán. Ní bheidh an táille le híoc ach amháin nuair a bheidh áit deimhnithe agat, agus caithfear é a íoc roimh oíche an champa.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní chiallaíonn go bhfuil áit faighte ag do theaghlach ach an fhoirm seo a chomhlánú. Is mór linn go mbeadh áit ag gach duine, ach tá na spásanna fíortheoranta agus níl sé de chumas againn gach duine a chur ar fáil an uair seo.
******NASC ANSEO*********