
Cúrsaí Cruinnis
Is cúrsa creidiúnaithe 24 seachtain atá i gceist a bheas ag titim amach i gColáiste Feirste achan Chéadaoin óna 3.30-5.30 i.n. (B2) agus Cumann Chluain Árd achan Mháirt óna 3.30-5.30 i.n. (B1). Tosóidh na cúrsaí seo an tseachtain dar tosach an 14 Meán Fómhair.
Tá an cúrsa seo á éascú mar chuid den Mheitheal Meantóireachta i gcomhar le hOllscoil na Ríona. Is gearrchúrsa bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge a bheas ar bun againn sna sé mhí romhainn. Tá ábhar agus scrúduithe TEG leibhéalaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta atá in úsáid i gcuid mhór tíortha san Eoraip (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha), agus baintear úsáid astu chomh maith lena léiriú go bhfuil leibhéal gairmiúil Gaeilge bainte amach ag an té a chríochnaíonn an cúrsa go rathúil. Tá siad in úsáid mar shlat tomhais do mhúinteoirí bun- agus meánscoile, d’oibrithe státseirbhíse agus d’oibrithe san earnáil dheonach agus charthanais, sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh daofa.