
Seoladh scéal.ie
Láithreán gréasáin úr www.scéal.ie á sheoladh ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht ó Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt
Tá athbhrandáil agus athnuachan déanta ar phríomh eolaire dhigiteach na nGael (PEIG.ie mar a bhí). Tabharfar spléachadh ar an láithreán nua agus a ghnéithe le cur in iúl na bealaí is fearr chun leas a bhaint aisti. Is é príomhchuspóir Scéal.ie eolas a chur ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge – ó imeachtaí agus cúrsaí Gaeilge go deiseanna fostaíochta, nuacht agus acmhainní do phobal na Gaeilge.
Is féidir le heagraíochtaí Gaeilge, pobal agus stáit fógraí poist, liostaí imeachtaí, cúrsaí samhraidh, scéimeanna tacaíochta, agus acmhainní do dhaoine atá ag foghlaim nó ag úsáid na Gaeilge a chlárú ann. Freastalaíonn sé ar cainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí, eagraíochtaí agus an pobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr. Tá Scéal.ie maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge.
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.