Máistir-Rang Aisteoireachta

An bhfuil suim agat san aisteoireacht?  Ar mhaith leat tuiscint níos fearr a fháil ar aisteoireacht don Teilifís?  Seo deis iontach duit.  Beidh Simon Boyle ag reáchtáil ceardlann trí uair a chloig agus ina theannta beidh Domhnall Ó Braonáin agus Caitríona Ní Dhomhnaill, beirt de réaltaí Ros na Rún, atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer i mbliana.

Beidh deiseanna ann chun scéal a chruthú agus tobchumadóireacht a dhéanamh, le béim ar spraoi agus saoirse.  

Cuirfear fáilte roimh aon duine os cionn 12 bliain d’aois.  Is gá clárú don imeacht seo roimh ré ag leiriuchain@rosnarun.com

Arna eagrú ag Ros na Rún.

Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Cá huair?

31 D. Fómhair 2025, 12:00 pm.

Cá háit?

Óstán Europa
Great Victoria Street
BT2 7AP

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

eolas@antoireachtas.ie: 353091572545

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge