
Ár dTeanga, ár dTeicneolaíocht: Intleacht Shaorga agus Todhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta
Tá réabhlóid na hIntleachta Saorga ag cruthú athruithe móra i saol na Gaeilge agus i bpobal na Gaeltachta. Tabharfar cur i láthair gairid ar staid reatha na hIntleachta Saorga agus scrúdóidh an plépháinéal na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn.
Pléifear an chaoi gur féidir le hAI ár dteanga dhúchais a neartú agus a chothú; na bagairtí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thodhchaí na Gaeilge; na deiseanna úra atá ag oscailt do phobail na Gaeltachta sa ré dhigiteach nua; agus céard atá i ndán dúinn sa bhliain atá romhainn maidir leis an nGaeilge agus leis an AI.
Fear an Tí: Conall Ó MóráinBeidh deis agat páirt ghníomhach a ghlacadh agus freagraí a fháil ar na ceisteanna ar fad atá agat!'
Arna eagrú ag Údarás na Gaeltachta
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.