Seoladh agus Pléphainéal

Seolfaidh Síomha Ní Ruairc (Bainisteoir Óige Conradh na Gaeilge) leagan úrnua den phacáiste tarraingteach ‘Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge: Do Ghairm, do Theanga, do Thodhchaí’ a thugann spléachadh ar ghairmeacha le Gaeilge tar éis na scolaíochta.   

Stiúrfaidh Conall Ó Máirtín (TG4) pléphainéal spreagúil le daoine óga ar ghairmeacha suimiúla le Gaeilge. Beidh ceol, sólaistí agus cuideachta ar fáil do chách! 

Arna eagrú ag COGG i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge & Údarás na Gaeltachta.

Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Cá huair?

31 D. Fómhair 2025, 6:00 pm.

Cá háit?

Ionad Chois Chuan (ICC)
2 Cearnóg Lanyon
BT1 3WH

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

eolas@antoireachtas.ie: 353091572545

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge