
Seoladh Clár TG4
Beidh an scannán seo á thaispeáint mar chomóradh ar 20 bliain de Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.
Scannán - AONTASSocraíonn triúr ban comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Tá na gadaithe faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici. Cuirtear tús leis an scéal seo agus cúrsaí imithe in aimhréidh i ndiaidh na robála agus téitear siar san am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin.
SCRÍBHNEOIRÍ: Sarah Gordon & Damian McCann
STIÚRTHÓIR: Damian McCann
CLIAR: Carrie Crowley, Bríd Brennan, Eva Jane Gaffney, Seán T. Ó Meallaigh agus Marcus Lambe.
Arna léiriú ag Púca Pictures agus maoinithe ag An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC TÉ.IONAD: Cineworld, Odyssey Arena, 2 Cé na Banríona, Béal Feirste BT3 9QQ
Ní bheidh an ócáid seo clúdaithe in Ollticéad na Féile ná an ticéad lae. Tá líon teoranta ticéid ar fáil – tar chuig seastán TG4 in Aonach an Oireachtais le clárú.