Léacht: Cé as a Dtáinig an Sean-Nós

Léacht bunaithe ar an leabhar/albam Gealach na gCuanta le Doimnic Mac Giolla Bhríde

Tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde, Paddy Glackin agus Úna Ní Fhlannagáin léacht ar bhunús an tsean-nóis agus an ceangail atá aige le traidisiún ársa cláirseoireachta na nGael. Sa léacht taispeánóidh siad gur chan na sean-chláirseoirí agus go dtug siad tionlacan dóibh féin ar an gcláirseach. D'fhorbair an sean-nós as an traidisiún seo, cé gur thit an cláirseach Gaelach ar leath-taobh. Bhailigh Edward Bunting cuid mhaith den eolas seo in 1792 ag Cruinniú na gCláirseoirí i mBéal Feirste agus níl Oireachtas níos foirstinigh ann le seo a phlé!

Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Cá huair?

1 Samhain 2025, 5:00 pm.

Cá háit?

Ionad Chois Chuan (ICC)
2 Cearnóg Lanyon
BT1 3WH

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

eolas@antoireachtas.ie: 353091572545
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge