
Aontas na Scríbhneoirí
Faigh amach faoina bhfuil déanta ag grúpa taighde Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) le bliain anuas agus faoina bhfuil beartaithe do 2026. Cuirfear tionscadail nua amhail Canúint.ie, Sráidaimn.ie agus Hiddenheritages.ai i láthair, agus míneofar na forbairtí is nuaí ar Corpas.ie, Logainm.ie, Téarma.ie, Ainm.ie agus Dúchas.ie. Cuirfear píosaí taighde ar a bhfuil an fhoireann ag obair i láthair go hachomair. Cuirfear fáilte roimh mholtaí feabhais agus roimh cheisteanna ón lucht éisteachta.
Arna eagrú ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.
Cá huair?
1 Samhain 2025, 10:30 am.Cá háit?
Ionad Chois Chuan (ICC)
2 Cearnóg Lanyon
BT1 3WH
Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?
eolas@antoireachtas.ie: 353091572545