
Léamh Dráma
Insíonn OCRAS scéal pobail thuaithe in Éirinn a scriosadh de bharr tubaiste de dhéantús an duine.
Glaoitear “an Gorta” air i gcúrsaí staire agus oideachais — ach is é a iarrann an léitheoireacht ar an dráma seo ná go ndéanfaí machnamh ar an gceist: an Gorta a bhí ann i ndáiríre?Tá taibhse na tragóide sin agus an chinedhíothaithe fós linn.
Tá an t-aistriú seo scríofa le hómós do stair chrua na hÉireann agus d’fhulaingt ár sinsear — ach freisin chun daoine a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an nasc idir ár stair agus na coireanna atá ag titim amach ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.
Á chur i láthair ag Cruinniú na gCleasaithe.
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.