I lár an Aonaigh - margadh na Gaeilge

Tar agus tacaigh le gnólachtaí Gaelacha ag an mhargadh speisialta seo agus muid ag déanamh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mBéal Feirste Cois Cuain, le ceardaíocht lámhdhéanta, ealaín, priontaí, leabhair agus go leor leor eile ar díol. Ó scoth na gceardaithe, na n-ealaíontóirí agus na gcruthaitheoirí, beidh an Ghaeilge go hiomlán i lár an aonaigh anseo - cuirfear fearadh na fáilte romhat, fiú muna bhfuil Gaeilge agat go fóill! Buail isteach agus bí linn agus muid ag ceiliúradh ár dteanga dhúchais i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Cá huair?

1 Márta 2026, 10:00 am.

Cá háit?

Muileann Mhic Con Midhe
5-7 Sráid Mhic Con Midhe, Béal Feirste
BT13 2DE

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Dearbhail: 07809738099

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge