
I lár an Aonaigh - Margadh Claipsholais na Nollag
Bígí linn i Muileann Mhic Con Midhe, Béal Feirste do thráthnóna féiltiúil lán le ceardaíocht, ealaín, cruthaitheacht agus, ar ndóigh, an Ghaeilge!
Beidh ceardaithe, ealaíontóirí agus cruthaitheoirí Gaelacha linn le réimse bronntanas uathúil, earraí lámhdhéanta, priontaí, leabhair agus neart eile a dhíol agus ar bharr sin uilig, beidh an Ghaeilge go hiomlán i lár an Aonaigh!
Seo deis iontach bronntanas speisialta Nollag a fháil, agus tú ag tacú le gnólachtaí agus le cruthaitheoirí Gaelacha. Cibé acu más cainteoir líofa thú, foghlaimeoir nó muna bhfuil agat ach cúpla focal, cuirfear fáilte mhór romhat. Bígí linn, bainigí sult as an chraic agus déanaigí ceiliúradh linn ar shéasúr na Nollag.
Nollaig shona - táimid ag súil go mór libh a fheiceáil!
Ticéidí £2
🔗 https://tinyurl.com/bdd87zdn
Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar Whiterock Children’s Centre & Food Stock Charity