Dráma: Faoi Dheireadh Thiar

le Joe Steve Ó Neachtain arna léiriú ag Lóchrann

Oíche Nollag in áras na seandaoine: tá a scéal féin ag gach duine: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, nach bhfuil ag teacht; Coilmín an Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d’ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll aici, cé gur ina cloigeannsa amháin atá sé; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an mátrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosaí amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di. Dráma cumhachtach lán de ghreann, gruaim agus paisean.

Níl an dráma seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirithe ANSEO

Cá huair?

30 D. Fómhair 2025, 8:00 pm.

Cá háit?

Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
BT12 6AH

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

eolas@antoireachtas.ie: 353091572545

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge