
Cur i Láthair
‘Roibeard Mac Ádhaimh, agus AthbheochanTeanga is Athmhuintearas i mBéal Feirste sa 19ú haois’
Á chur i láthair ag Ollamh Mícheál Ó Mainnín, Ollscoil na Banríona.Rugadh Roibeard Mac Ádhaimh i mBéal Feirste sa bhliain 1808 agus mhair go dtí deireadh na haoise nach mór. Fuair sé bás sa bhliain 1895, agus chuaigh sé i gcion go mór ar shaol cultúrtha na cathrach lena linn. Ba bhailitheoir lámhscríbhinní é agus spreag sé go leor daoine le dul i mbun tiomsaithe ar fud Chúige Uladh agus níos faide ó dheas. Bhí bua ar leith teangacha aige agus tá léargas air sin sa tsaothar cáiliúil uaidh an Comparative Lexicon of the Irish Language (atá ar coimeád i Leabharlann an Línéadaigh). Bhain sé féin is a mhuintir leis an phobal liobrálach Preispitéireach a bhí i réim sa chathair ag an am, agus ba mhór an meas a bhí air ar fud na hÉireann mar athbheochanóir a raibh a chroí istigh sa Ghaeilge.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Tuaisceart Éireann.
Tá ticéid d'imeachtaí Oireachtas 2025 ar faíl ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.