Club reathaíochta

Fáilte go dtí an cumann reathaíochta Laochra Loch Lao! Is dóigh iontach an cumann reathaíochta le nós sláintiúil a chothú ina measc ár mbaill. Ní hamháin go gcuireann an cumann reathaíochta le folláine na mbaill a fheabhsú, ach is acmhainn iontach é ó thaobh meabharshláinte de. Fosta, tugann an cumann reathaíochta deis dóibh teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht shóisialta, rud a chuireann le líofact na Gaeilge.

Bíonn fáilte roimh chách ag an chumann reathaíochta. Is rith 5k é agus bíonn sé ar siúl againn maidin dé Sathairn. Buaileann muid le chéile ag an cáife ANAM, in aice le ionad Glór na Móna. Ritheann muid thart Páirc na bhFál agus críochnaíonn an rith ar ais ag ANAM. Ansin, thig leis na reathlaithe buail isteach le cupán caifé tuillte a cheannacht!

Cá háit?

Páirc na bhFál
511 Bóthar na bhFál
BT12 6DE

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

TBC: 028

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge