
Leanaí Loch Lao
Cláraigh le Laochra Loch Lao le bheith páirteach i Leanaí Loc Lao más rud é gur rugadh do pháiste sna blianta 2020 go 2022. Spreagann an clár Leanaí Loch Lao páistí le bheith páirteach i gníomhaíochtaí sultmhara spóirt.
Tá na cluichí Gaelacha ríthábhachtach i bhforbairt an pháiste ina bhforbraítear sláinte fhisiceach agus obair foirne agus cothaítear féiniúlacht agus muintearas. I Laochra Loch Lao, tá an buntáiste breise ann go ndéanann muid gach rud trí mheán na Gaeilge, rud a chuireann le gaeloideachas do pháiste, a chuireann le líofacht na Gaeilge, agus a dhéanann normalú ar úsáid shóisialta na teanga trí ghníomhaíochtaí sultmhara spóirt taobh amuigh den tseomra ranga.
Nuair a thosaítear éispéiris thumthacha chomh hóg agus is féidir, bíonn buntáistí d’fhorbairt phearsanta, shóisialta, mhothúchánach agus chognaíocht do pháiste, chomh maith le tacú leo ina n-aistear chun líofacht sa Ghaeilge. Lena chois sin, cuirfidh sé le haistriú teanga idirghlúine sa bhaile.
Tá na seisiúin traenála Leanaí Loch Lao ar siúl go seachtainiúil ar maidin Domhnaigh idir 10.15 agus 11. Tá fáilte roimh páistí nua!