
Traenáil an Ógchumainn
Fáilte go dtí an Ógchumainn Laochra Loch Lao! Tá foireann peile againn d’achan aoisghrúpa, ó faoi 7 suas go dtí faoi 16. Is é an sprioc is mó atá againn leis an chumann seo ná saol spóirt a thabhairt do na páistí trí mheán na Gaeilge.
Tugann cúrsaí spóirt muinín do pháistí agus taithí ag comhoibriú agus comhimirt le páistí eile. Chomh maith leis seo, tugann sé deis dóibh Gaeilge a labhairt taobh amuigh den sheomra ranga agus í a normalú mar theanga shóisialta.
Bíonn ár foirne faoi aois páirteach sa sraitheanna agus craobhanna Chontae Aontroma. Tá ar a laghad traenáil uair a chloig acu go seachtainiúil, ag brath ar an aois agus an fhoireann.
Beidh tuilleadh eolais ar na hamanna traenála le teacht!