Gearrchúrsa Cruinnis Gaeilge

Is cúrsa creidiúnaithe 12 seachtain é an Gearrchúrsa Cruinnis Gaeilge a dtosaíonn a mí Mheán Fómhair agus a dtiteann amach gach Céadaoin óna 3.30-5.30 i.n. i Spórtlann na hÉireann. Tá an cúrsa seo á éascú mar chuid den Mheitheal Meantóireachta i gcomhar le hOllscoil na Ríona. 

Is gearrchúrsa bunaithe ar B2 den Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) óir tá ábhar agus scrúduithe TEG leibhéalaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta atá in úsáid i gcuid mhór tíortha san Eoraip (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha), agus baintear úsáid astu chomh maith lena léiriú go bhfuil leibhéal gairmiúil Gaeilge bainte amach ag an té a chríochnaíonn an cúrsa go rathúil. Tá siad in úsáid mar shlat tomhais do mhúinteoirí bun- agus meánscoile, d’oibrithe státseirbhíse agus d’oibrithe san earnáil dheonach agus charthanais, sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh daofa.

B’ionann pas maith in B2 agus A nó A*ag A-Leibhéal, 6 nó 7 sa Bacalaureate nó thart ar leibhéal an Dioplóma Ollscoile. Ag deireadh B2, bíonn súil leis an méid seo a leanas:

  • stór focal maith leathan

  • tuigbheáil mhaith ar bhunghnéithe na gramadaí, agus tuigbheáil éigin ar na struchtúir níos casta

  • measartha muiníneach maidir le cineálacha éagsúla cumarsáide i dtimpeallachtaí oibre agus sóisialta

  • líofacht sa scríobh agus sa léamh forbartha go maith

  • níos solúbtha sa teanga agus is féidir réimeanna éagsúla teanga a láimhseáil

Darán Ó Dochartaigh

Is as Doire ó cheart é Darán Ó Dochartaigh ach é ag cur faoi sna cnoic os cionn Bhéal Feirste le fada an lá. Múinteoir déanta é a bhfuil sealanna caite aige ag teagasc i meánscoileanna, in ollscoileanna agus sa tríú hearnáil. Is aistritheoir creidiúnaithe  é a bhí ag obair sa stáitseirbhís ach é anois ina shaoraistritheoir. Bhí sé ar Ollscoil na Banríona dá BA, PGCE agus MA, agus d’fhoghlaim sé bunús a chuid Gaeilge ansin agus i gCumann Chluain Árd ar Bhr na bhFál, áit a bhfuil sé ar an choiste stiúrtha. Lena chois sin, is fear céile, athair triúir níonacha dhátheangacha agus úinéir madaidh é, agus dúil aige sa léitheoireacht, sa challagrafaíocht agus i gcluichí boird traidisiúnta.

Cá háit?

Spórtlann na hÉireann
Páirc Radharc na bhFéa
BT12 7LU

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Pádraig: 02890234442
WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge