An Mheitheal Mheantóireachta 2026 - Oscailte d'Iarrtais anois!

Cad é atá i gceist?

Is clár cuimsitheach cumasaithe í an Mheitheal Mheantóireachta atá a reáchtáil ag Fís an Phobail le trí bliana anuas. Cuireann an cúrsa nuálach seo meascán de modúlacha praiticiúla agus teoiriciúla ar fáil dóibh siúd atá fostaithe in earnáil na Gaeilge nó don té atá ar lorg oibre san earnáil amach anseo agus gníomhaithe teanga trí chéile. Seo iad thíosluaite cuspóirí na scéime: 

-  Clár oiliúna agus cumasaithe a sholáthar d’oibrithe agus gníomhaithe (lánaimseartha, páirtaimseartha agus deonacha) atá ag obair in earnáil na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais le taithí agus scileanna praiticiúla, ábhartha a chur ar fáil a chuideoidh leo tabhairt faoin obair phobalbhunaithe, athghabhála teanga ar an bhealach is éifeachtaí.

-  Naisc a chothú idir oibrithe san earnáil Gaeilge, go háirithe iad siúd atá nua-fhostaithe ar bhealach a éascaíonn comhoibriú agus comhthuiscint ar an obair agus ar an earnáil trí chéile.

-  Lucht saothar muiníneach, tiomanta a fhorbairt atá ábalta ról lárnach a imirt sa ghluaiseacht amach anseo agus ar bhealach a mhéadaíonn an seans go gcoinneoidh muid san earnáil iad.

An bhfuil spéis agat ann? Tig leat clárú anseo!

https://forms.gle/Pg83VdKWLmxFr3Go8

Ar mhaith leat níos mó eolais? Déan teagmháil linn:

padraig@fisanphobail.comciaran@fisanphobail.com

Cá háit?

Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine
BT12 7RJ

Cé ar féidir dul i dteagmháil leis?

Pádraig Ó Mathúna: 028 9023 4442

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge