An tSnáthaid Mhór

An tSnáthaid Mhór

An tSnáthaid Mhór – Cé Muid?

Is teach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór atá lonnaithe sa Chultúrlann, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, le breis agus 20 bliain anuas. Cruthaíonn  An  tSnáthaid  Mhór ábhar maisithe do pháistí degach aois.

‘DRUINE SEANSNÁITHE FÍONN ÉADACH ÚR’ – mana an chomhlachta

 Creideann An tSnáthaid Mhór gur féidir an sean agus an nua a fhí le chéile le brat nuálach a chruthú. Is éan sprioc atá againn a bheith nuálach, cumhachtach, cruthaitheach in achan ghné denfhoilsitheoireacht. Creideann muid gur chóir dúinn súil ghéar a bheith againn i gcónaí ar shaibhreas ár n-oidhreachta le go mbeimid ag cruthú seoda nua oidhreachta. Déanaimid  ábhar  nua  atá  oiriúnach  doleanaí a chruthú. Déanann muid dearadh nua-aimseartha a úsáid. Cruthaíonn muid scéalta aguscarachtair nua le sásamh agus siamsaíocht a mhúscailt ar bhealach atá úr, láidir agus nuálach. Bhí muid igcónaí tiomanta do naisc dhigiteacha a chur lenár saothar agus tá gné ilmheán ag gach táirge dár gcuid.

 Is é an fhís atá againn ábhar a chur ar fáil ar gach ardán, ábhar atá cruthaitheach, spreagúil agus mealltach,go háirithe do dhaoine óga. Is mian linn pacáiste iomlán – na leabhair féin, na cláracha teilifíse, ábhardigiteach agus ábhar oideachasúil – a chruthú is a chur ar fáil chun glór a thabhairt do scéalta ár bpobail.

 An tSnáthaid Mhór mar shiombail againn!

 Is ansa linn an t-ainm, an íomhá agus an fhealsúnacht a bhaineann leis an tsnáthaid mhór atá marshiombail againn. Tá draíocht ag baint leis an tsnáthaid mhór mar is feithid réamhstairiúil í. Is iontach linn gobhfuil sí in Éirinn leis na cianta agus go bhfuil sí lárnach san oidhreacht s’againn – mar atá ár dteanga agus ár scéalaíocht féin! Tá an tsnáthaid mhór lúfar cumhachtach i gcónaí. Tá raon radhairc 360 céim aici agustá ildathú le sonrú inti.

Dar linn go léiríonn áilleacht thraidisiúnta na snáthaide móire éiteas an eagrais neamhspleách seo. Tá cruthna snáthaide móire cosúil le snáthaid fhada ag sníomh a bealaigh anonn is anall trí na leapachagiolcach. Seo díreach mar a bhíonn An tSnáthaid Mhór agus muid ag fíodóireacht focail, pictiúir agusfíseáin le héadach nua scéalaíochta a chruthú ó shnáth ársa na hinsinte. Is siombail í an tsnáthaid mhór den athrú, den chasadh agus den aistriú. Is é an sprioc atá againn a bheith nuálach, cumhachtach, cruthaitheach in achan ghné den fhoilsitheoireacht. Creideann muid gur chóir dúinn súil ghéar a bheith againn i gcónaí ar shaibhreas ár n-oidhreachta le go mbeimid ag cruthú seoda nua oidhreachta.

Our Development - fiche bliain ag fás

Cruthaíonn An tSnáthaid  Mhór  ábhar maisithe do pháistí de gach aois. Bunaíodh an comhlacht in 2005 indiaidh do na stiúrthóirí bheith curtha faoi gheasa ag na Scéalta Iontais i gCnuasach Bhéaloideas Éireannin UCD. Tá luí ar leith againn le taipéis ornáideach mhaisithe scéalta ár n-oidhreachta. Na seoda sin, agus a n-insint fhileata shaibhir, ghríosaigh siad muid lehiarracht a dhéanamh iad a chur os comhair an tsaoil ar dhóigh nuálach (agus muid dílis i gcónaí don draíocht atá sna bunscéalta). Ba sin an spreagadh a thug ár gcéad leabhar, Gaiscíoch na Beilte Uaine,ar an tsaol. Táimid ag foilsiú linn ó shin agus ag foilsiú ábhair éagsúla ar ardáin éagsúla. Déanaimid  ábhar  nua atá  oiriúnach  do leanaí a chruthú. Déanann muid dearadh nua-aimseartha a úsáid. Cruthaíonnmuid scéalta agus carachtair nua le sásamh agus siamsaíocht a mhúscailt ar bhealach atá úr, láidir agus nuálach.

Bhí  muid i gcónaí tiomanta do naisc dhigiteacha a chur lenár saothar agus tá gné ilmheán ag gach táirgedár gcuid. Ón chéad lá, chuir muid dlúthdhioscaí agus dvdanna beochana ar fáil leis an ábhar clóite,chruthaigh muid ríomhleabhar feabhsaithe agus aipeanna agus anois tá cóid QR againn mar uirlis rannpháirtíochta.

Comhlacht Léiriúcháin

Bhunaigh An tSnáthaid Mhór an comhlacht léiriúcháin An tSnátháid Mhór  le déanaí a rinne 6 chlár RITA bunaithe ar na leabhar Rita do Tg4 le maoiniú ón Choiste Croltóireachta Gaeilge (ILBF) agu TG4.

Imeachtaí agu Ceiliúradh

Tá iliomad ceardlanna agus imeachtaí cruthaitheacha éascaithe ag An tSnáthaid Mhór ar an léitheoireacht agus na healaíona  a éascú do lucht féachána leathan. Creidimid go bhfuil ceiliúradh ar éachtaí ár bpobal lárnach san obair s’againn.

Creidimid i gcumhacht na scéalaíochta.

 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge