Fóram na nÓg

Ag spreagadh na nglúnta atá le teacht trí obair óige dhúchasach
Fóram na nÓg

Bunaíodh Fóram na nÓg in 2009. Is Eagraíocht Ionadaíoch Réigiúnach Óige (EIRÓ) í Fóram na nÓg a fhreastalaíonn ar Earnáil Óige na Gaeilge. Bíonn an eagraíocht ag obair i dtreo ‘Obair Óige Ghaeilge’ a dhaingniú agus a chur chun cinn ionas go méadófar na deiseanna neamhfhoirmeálta oideachasúla do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag Fóram na nÓg taithí oideachasúil agus shóisialta Gaeilgeoirí óga a fheabhsú trí sheirbhísí nuálacha agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil san earnáil óige lán-Ghaeilge. 

Mar an t-aon Eagraíocht Óige Dheonach Réigiúnach don earnáil óige Ghaeilge, tá ról uathúil ag Fóram na nÓg chun ceannaireacht straitéiseach, treoir, agus tacaíocht a sholáthar dá gcuid páirtithe leasmhara agus ballghrúpaí. Chun an cumas san earnáil a neartú, cuireann Fóram na nÓg oiliúint spriocdhírithe ar fáil d’oibrithe óige Ghaeilge agus tugann an eagraíocht comhairle shaineolach ar fhorbairt pleananna straitéiseacha agus oibríochtúla dá níos mó ná 30 ballghrúpa.

Chun deiseanna sóisialta don teanga a chur chun cinn go forleathan i gcomhthéacs  na hoibre óige, glacann Fóram na nÓg cur chuige uile-oileánda, ag comhoibriú le heagraíochtaí óige Ghaeilge agus soláthraithe seirbhíse teanga ar fud na hÉireann, chun leathnú amach a dhéanamh ar chleachtais na hOibre Óige Dúchasaí. Tacaíonn an cur chuige seo, a crúthaíonn tearmainn shochtheangeolaíochta thumthacha, le forbairt éifeachtach thionscnaimh Ghaeilge d’obair óige ina mbíonn an obair óige aimsithe mar ghleas pleanála teanga agus mar pháirt lárnach d’athbheochan na Gaeilge. Cinntíonn an eagraíocht fosta, go bhfuil straitéis chomhtháite ann chun fás agus inbhuanaitheacht na teanga a chothú. 

Obair Óige Dhúchasach

Is saghas obair óige uathúil í an Obair Óige Dhúchasach, a chuireann cleachtais thraidisiúnta óige san áireamh, agus a bhfuil nasc dúchasach aige leis an tionscadal níos leithne d’athbheochan na teanga agus d’athnuachan pobail, bunchlocha ar tógadh infreastruchtúr agus seirbhísí Gaeilge orthu. Nuair a aithnítear gur cuid riachtanach í an obair óige dhúchasach den tionscadal athnuachana seo, forbraítear tuiscint iomlánaíoch ar phríomhchuspóir na hoibre seo agus na féidearthachtaí forbartha i dtaobh cleachtais chlaochlaitheacha dhíchólainthe. Tá na mílte Gaeilgeoirí óga ó phobail ar fud an tuaiscirt páirteach i ngrúpaí Gaeilge, lena n-áirítear; cumainn spóirt; ionaid chultúrtha; tograí teaghlaigh agus ealaíne; ionaid chúram leanaí, naíonraí, naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna; tograí pobalbhunaithe; tograí meáin agus raidió; agus feachtais chosmhuintire um chearta teanga, a bhfuil an Ghaeilge ina raison d'être iontu go léir. 

Lucht Fhóram na nÓg ar cuairt i mBostún in 2024

Acadamh na nÓg

Is acadamh ceannródaíoch é Acadamh na nÓg, bunaithe ag Fóram na nÓg sa bhliain 2024, atá dírithe ar an obair óige a chuir chun cinn laistigh d’earnáil na Gaeilge. Tá an t-acadamh struchtúrtha go cúramach le haghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais agus gairmiúla Gaeilgeoirí óga idir 16-25 bliain d’aois trí oiliúint agus deiseanna foghlama taithíocha tumthach sochtheangeolaíochta a sholáthar. Tá  sé bunaithe ar cheithre théama bhunúsacha, atá deartha le rannpháirtithe a ullmhú leis na scileanna agus eispéiris atá de dhíth orthu le haghaidh forbairt pearsanta agus gairmiúil.

Scéim NASC

Is scéim nuálach oiliúna agus cumasaithe í NASC - Acadamh na nÓg, atá á reáchtáil ag Fóram na nÓg, agus atá dírithe ar dhaoine óga idir 18-21 bliain d'aois. Is cuid lárnach í den obair leanúnach atá á dhéanamh ag Fóram na nÓg chun Obair Óige Ghaeilge a dhaingniú agus a chur chun cinn. Glacfaidh 12 printíseach páirt sa chlár idir 2025-26, a chuirfidh modúil phraiticiúla agus teoiriciúla ar fáil bunaithe ar cheithre philéar an Acadaimh: Forbairt Scileanna, Cáilíochtaí, Taithí Oibre, agus Deiseanna Taighde.

Coiste na nGael Óg 

Is coiste de dhaoine óga é Coiste na nGael Óg a thugann deis do dhaoine óga plé lena dteanga agus lena gcultúr, agus bíonn deis acu difear a dhéanamh ina gceantair áitiúla. Tugann Coiste na nGael Óg deis do dhaoine óga san earnáil óige Ghaeilge teacht le chéile le daoine ó cheantair dhifriúla le caidreamh a thógáil lena chéile. Bíonn deis acu caidreamh a thógáil lena chéile tríd páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i gceardlanna, agus bíonn an deis acu nascanna a thógáil le daoine eile ó áiteanna difriúla. Cuireann siad go mór le pobal na Gaeilge agus leis an tsochaí i gcoitinne agus iad mar bhall den choiste. Tugtar deis do rannpháirtithe scileanna nua a fhorbairt agus forbairt pearsanta agus proifisiúnta a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí. Bíonn deiseanna acu foghlaim agus fás le chéile agus iad ar an aistear ceannródaíoch, spreagúil seo.

Fóram na nÓg

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge