Ar an Pháirc le Laochra Leath Luas

"De réir a chéile, tá muid ag tógáil pobail láidir Gaelach"
Ar an Pháirc le Laochra Leath Luas

Nuair a thosaigh an plé faoi chumann neamhspleách a bhunú leis na Laochra bhí a fhios agam go mbeadh cinneadh le déanamh againn. Bhí m’fhear chéile, Robbie, le Gort na Móna ó bhí sé ina dhéagóir. D’imir sé an dá chód agus bhí sé ina bhainisteoir ann le breis agus fiche bliain. Bhí caidrimh iontacha againn le achan duine sa chlub. Bhí muid leo agus iad i mbarr a réime agus iad sa bhearna bhaol agus thacaigh muid lena chéile fríd na tréimhsí is brónaí inár saol pearsanta. Bhí an club ann dúinn.

Bhí a fhios againn gur sin an rud a ba dheacra faoi imeacht le cumann nua a bhunú, go mbeadh muid ag fágáil sin inár ndiaidh ach ag an am chéanna, bhí a fhios againn nach raibh muid de dhíth ar Gort na Móna.  Bheadh Gort na Móna ag bláthú agus muid ann nó gan muid a bheith ann.  Ní hamhlaidh an scéal don teanga, áfach. Mar is eol dúinn ar fad tá an teanga i gcruachás agus tá géarghá níos mó ná riamh le cur chun cinn agus caomhnú na teanga.

Mar sin de, cinneadh furasta a bhí ann dul leis na Laochra a bhunú agus níor amharc muid siar, leis an fhírinne a dhéanamh. D’fhás an club go gasta agus chuir muid fáilte roimh Ghaeil as achan cearn den chathair agus níos faide i gcéin. Caithfidh mé a rá nach bhfuil léamh nó scríobh nó inse béil ar an bhród a bhíonn orm an Ghaeilge a chluinstin i measc na n-imreoirí ar an pháirc imeartha agus as.

Chreid mé ón tús go raibh sé ríthábhachtach gur mhothaigh baill na Laochra mar chuid de phobal chomh maith, go mbeadh an éispéiris céanna acu agus a bhí againn agus is é sin an príomhsprioc a bhí ar intinn agam nuair a bhunaigh mé foireann na mban ar leathluas trí bliana ó shin. Tugann sé deis iontach fosta do mháithreacha agus mná sos a thógáil, giota beag craic a bheith acu i measc seanchairde agus cairde nua, rud éigin le déanamh dóibh féin agus aclaíocht a dhéanamh ag an am chéanna. Scaipeadh an scéal fúinn agus d’fhás an grúpa go gasta.

Mná Leath-Luas

Thosaigh an traenáil dátheangach i mí Bealtaine 2023 agus chuaigh muid chun páirce!  D’eagraigh muid féin ár gcéad bhliots mar chuid d’Fhéile na Carraige i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Bhí mná ann nár thóg liathróid riamh, mná a d’imir agus iad óg, mná a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach iad uilig ann don chraic agus cuideachta agus tá muid ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn muid rannpháirteach i mbliotsanna cúig nó sé huaire sa bhliain. Rinne muid tolg go 5k le chéile. Chuaigh muid go dinnéar bliantúil na Laochra le chéile. Tá súil againn cuireadh a fháil chuig an bhliots náisiúnta le chéile. De réir a chéile, tá muid ag tógáil pobail láidir Gaelach leis na Laochra do na Laochra.

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge