"An lá ab fhearr riamh": cúpla focal faoin oíche champála

Bhí na pubaill ina seasamh romhainn cheana féin nuair a shroich muid an Tearmann Dúlra i nDroim nDamh, An Carn, amach tráthnóna Sathairn.
"An lá ab fhearr riamh": cúpla focal faoin oíche champála

Is rud beag é sin, b'fhéidir, ach nuair a bhíonn páistí óga sa charr agat i ndiaidh an turais, sin an difear idir tús maith agus tús corrach ar an deireadh seachtaine. Bhí an obair ar fad déanta ag an fhoireann, agus ba mhór againn é.

Bhí leanbh ocht mí d'aois linn fosta, agus caithfidh mé a admháil go raibh mé féin giota beag amhrasach faoin leanbh a thabhairt linn. Puball, páirc agus buachaill beag nach bhfuil ag siúl go fóill ach ní raibh gá ar bith leis an imní. Thug muid puball beirte dár gcuid féin linn le go mbeadh "seomra" ar leith ag mamaí agus ag an bhabaí, agus sin an cinneadh ab fhearr a rinne muid an deireadh seachtaine ar fad. I rith an lae, bhí sé breá sásta ar an phluid ag amharc ar an raic thart air agus sáite sa phobal ‘Ag tógáil clainne le Gaeilge’. Bíonn péirí lámha breise i gcónaí thart le breith ar bhabaí nuair a bhíonn do dhá lámh féin lán.

Bhí an aimsir tirim go leor ag an tús, agus ní raibh muid i bhfad ag socrú isteach sular tugadh amach chuig na gníomhaíochtaí muid. Thosaigh muid le tóraíocht taisce. Siúlóid dheas a bhí inti thart ar an Tearmann Dúlra, na páistí ag rith rompu ó leid go leid agus muidne sa tóir orthu. Ina dhiaidh sin bhí galf frisbee, zorbáil agus boghdóireacht ann. Rud a thaitin go mór liom ná go raibh achan ghníomhaíocht curtha in oiriúint do na haoisghrúpaí ar fad, sa dóigh is go raibh muid ábalta páirt a ghlacadh iontu taobh le taobh leis na páistí seachas bheith inár seasamh ar an taobhlíne ag amharc orthu.

Oíche champála

BBQ a bhí againn don dinnéar agus, i ndiaidh dúinn ár sáith a ithe, chruinnigh muid thart ar an tine champa. Rinne muid s'mores leis na páistí. Obair shalach a bhí ann ach ba chuma. Bhí an fhearthainn ag teacht isteach faoin am a raibh muid ag tarraingt ar na pubaill, agus i ndéanta na fírinne ní raibh a dhath ba dheise ná a bheith ag éisteacht leis na braonta ar an phuball agus an bheirt bheag ag titim ina gcodladh in aice liom. Sular thit ár n-iníon atá trí bliana d'aois ina codladh, dúirt sí gurbh é "an lá ab fhearr riamh" é.

Bhí an mhaidin luath, ar ndóigh, le solas an lae ag teacht isteach faoin phuball agus na páistí ina ndúiseacht leis. Ach níl mórán ann nach gcuireann cupán caife ina cheart. D'imigh an ceo de réir a chéile agus tháinig maidin bhreá amach as. Thóg muid go bog é ar feadh tamaill, na páistí ag súgradh leis na páistí eile, agus fuair muid baps le hispíní, bagún agus ubh. Ní bhíonn siad leath chomh blasta in áit ar bith eile agus a bhíonn siad i bpáirc faoin aer.

Roimh imeacht dúinn, chuidigh achan duine leis na pubaill a leagan agus le cinntiú nach raibh bruscar ar bith fágtha sa pháirc. Ba bhreá liom go raibh na páistí sáite sa chuid sin fosta. Bhí siad ag tarraingt na gcuaillí agus ag iompar málaí, agus mhothaigh siad gur leo féin an campa.

Ach cé chomh maith is a bhí na gníomhaíochtaí, ní iad ba bhuaicphointe an deiridh seachtaine domsa. An rud a d'fhan liom ná bheith i mo shuí ag an tine, páistí thart orainn idir bliain agus cúig bliana déag d'aois, agus achan fhocal eatarthu sa teanga s'againn féin. Iad ag súgradh, ag argóint, ag gáire agus ag scairtigh ar a chéile trasna na páirce.

Oíche Champála

Sin an fáth a bhfuil imeachtaí teaghlaigh lán-Ghaeilge chomh tábhachtach sin dúinn. Tá muid ag tógáil ár gclainne le Gaeilge, agus is furasta don pháiste a cheapadh gur teanga scoile í, nó teanga nach labhraítear ach le mamaí agus daidí sa bhaile. Is deacair é a mhúineadh dóibh go bhfuil an Ghaeilge beo lasmuigh den teach sin, gur teanga shúgartha í, teanga chairde, teanga a mbeidh siad á labhairt agus iad ina ndéagóirí. Caithfidh siad sin a fheiceáil dóibh féin, agus sin go díreach an rud a bhfuair siad an deireadh seachtaine seo.

Agus ar a bharr sin, buntáiste do na tuismitheoirí fosta, deireadh seachtaine a chaitheamh i measc teaghlaigh eile atá sa bhád chéanna, agus ní ghá míniú do dhuine ar bith cén fáth go bhfuil tú á dhéanamh. Tugann sin misneach duit.

Míle buíochas le Sorcha agus le foireann Fís an Phobail as an obair ar fad a chuaigh isteach sa deireadh seachtaine. Is cinnte go mbeidh muid ar ais.

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge