Tá Cumann Óige Uachtar Chluanaí lonnaithe i gcroílár Bhéal Feirste Thiar, i gceantar Bhaile Uí Mhurchú, agus tá muid bródúil as seirbhís óige lán-Ghaeilge a chur ar fáil ceithre oíche sa tseachtain. Freastalaímid ar níos mó ná 300 duine óg gach seachtain, idir aois 7–18 mbliana, ó Rang 4 go dtí aois fhágála scoile. Bíonn an cumann oscailte Máirt go hAoine ó 6.15pm go 9.45pm, ag tairiscint timpeallacht shábháilte, spraíúil agus spreagúil ina bhfuil an Ghaeilge mar chroítheanga cumarsáide agus comhluadair.
Tá foireann de 12 oibrí óige againn – daoine díograiseacha, tiomnaithe a tháinig tríd an tseirbhís óige Ghaeilge féin agus a thuigeann riachtanais na n-óg dá bharr. Tá muid bródúil as ár gcur chuige duine-lárnach, ag cur riachtanais agus leas an duine óig i gcroílár gach ruda a dhéanaimid.
Tugaimid tacaíocht, spreagadh agus deiseanna forbartha pearsanta agus sóisialta do dhaoine óga trí chláir chruthaitheacha, spóirt, ceardlanna cultúrtha, turais agus tionscadail phraiticiúla. Tá ár sprioc shoiléir; infheistiú i gceannairí an lae amárach don earnáil Ghaeilge, agus pobail láidre, muiníneacha a chothú a thabharfaidh aghaidh ar dhúshláin an tsaoil le misneach agus le bród.

Is spás é Cumann Óige Uachtar Chluanaí ina mbíonn an Ghaeilge beo beathach, áit a bhfaigheann daoine óga tacaíocht, inspioráid agus deis a bheith páirteach i rud níos mó ná iad féin; pobal Gaelach bríomhar a bhfuil croí na hóige ann.
