Tá sé in am do Chorn an Domhain arís!

An rud is annamh is iontach…bhuel, tá sé in am do Chorn an Domhain arís!
Tá sé in am do Chorn an Domhain arís!

An rud is annamh is iontach…bhuel, tá sé in am do Chorn an Domhain arís!

Corn an Domhain 2026, a bheas a óstáil ag trí thír in ilchríoch Mheiriceá Thuaidh, Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is grá liomsa an sacar agus is grá liom Corn an Domhain, tá cuimhní cinn m’óige fite fuaite le cuimhní cinn Chorn an Domhain, macasamhail go leor daoine in Éirinn. Áfach, ní bheidh ceachtar d’fhoirne na tíre seo ag glacadh páirte, na Sé Chontae ná na Sé Chontae is Fiche! 

Ar na mallaibh, chuir mé suim in alt a bhí foilsithe i mBéarla a bhain le Corn an Domhain agus stair na hÉireann. Bhí an t-alt seo san Irish News (1/6/26) le Cormac Moore, staraí agus tráchtaire. 

Thug Cormac tuairisc iontach ar éachtaí na bhfoirne Éireannacha anseo, dár ndóighe, an chnámh spáirne a bhí a phlé aige ná…..cén fáth go bhfuil dhá fhoireann idirnáisiúnta sacair againn cibé ar bith! Ceart aige! Thug sé le fios dúinn na comórtais dhomhanda a bhain na foirne  amach, tá leisc orm na tíortha a rá anseo, ach le bheith ionraic, ní bhíonn an pholaitíocht ró-fhada ó chúrsaí spóirt! 

D’eascair an dá chumann, Cumann Sacair na hÉireann (IFA) agus Cumann Peile na hÉireann (FAI) ó chonspóid thart ar aimsir na Críochdheighilte. Is fiú a rá go raibh Cumann Sacair na hÉireann (IFA) ann ar dtús, ag rialú ar bhonn uile Éireannach, dhá chontae is tríocha, fud fad na tíre…..ach tír a bhí faoi smacht ag Sasana.

Bunaíodh an IFA sa bhliain 1880 agus tá an cumann seo ar an cheathrú cumann sacair is sine ar domhan! Tá cumann sacair Shasana ar an cheann is sine.

Ar amhraí an  tsaoil fosta, In 1882, d’imir Éire a gcéad cluiche idirnáisiúnta sa sacar in éadan Sasana agus chaill Éire go trom, 13-0. Seasann an scór sin go fóill go dtí an lá atá inniu ann mar churiarracht don dá fhoireann! An scór is mó gur bhain Sasana, cluiche idirnáisiúnta agus an scór is mó gur chaill Éire, cluiche idirnáisiúnta, ar an drochuair!!!

 Bhí Cumann Sacair na hÉireann, IFA, i mbun cúrsaí sacair ar an oileán seo agus foireann náisiúnta na hÉireann ar bhonn oileánda go dtí an bhliain 1950. Mar sin, idir na blianta 1921 agus 1950, bhí dhá chumann ann, dhá eagraíocht ann, dhá fhoireann idirnáisiúnta ann. Bunaíodh Cumann Peile na hÉireann i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1921(FAI). Bliain stairiúil i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo.

Is cinnte go raibh daoine tríd a chéile. Bhí na himreoirí tríd a chéile chomh maith. Thiocfadh leo imirt don dá fhoireann! Rinne neart acu seo, thart fá daichead imreoir, na cinn ba chlúití a bhí ann ná; Johnny Carey, Peter Farrell, Jimmy Mc Alinden ( a bhain bonn Chorn FA le Portsmouth, Sasana)  agus Jackie Vernon. D’imir Mc Alinden agus Vernon do Cheiltigh Bhéal Feirste.

Ceiltigh Bhéal Feirste

Anois, bhain an scoilt cinnte le cúrsaí polaitíochta ar bhealach, ach bhí rí-rá agus ruaille buaille a bhain le cluiche sacair idir Glentoran, Béal Feirste agus Shelbourne, na hardchathrach a chuir an lasair sa bharrach le cúrsaí sacair bheith ag leanstan cúrsaí polaitíochta. Críochdheighilt…Tuaisceart na hÉireann agus An Saorstát.

Seo cur síos cuimsitheach ar an imeacht seo a scríobh mé don leabhar “Ceiltigh Bhéal Feirste”.

Sa bhliain 1921, bhí comhscór ann idir Shelbourne, Baile Átha Cliath agus Glentoran, Béal Feirste. Bhí siad ag imirt i gCorn na hÉireann. Tharla an comhscór i mBéal Feirste, mar sin, ba chóir go raibh an athimirt i mBaile Átha Cliath, ag páirc Shelbourne. Dhiúltaigh Cumann Sacair na hÉireann an athimirt a chur go Baile Átha Cliath, de dheasca, Cogadh na Saoirse agus trioblóid san ardchathair. Shocraigh Cumann Sacair na hÉireann go mbeadh an cluiche i mBéal Feirste, níor aontaigh Shelbourne leis an chinneadh seo agus dhiúltaigh siad taisteal go Béal Feirste agus mar sin, tugadh an cluiche go Glentoran.

Chuir an cinneadh olcas ar lucht sacair deisceart na tíre agus le teacht na críochdheighilte, agus an tír scartha ina dhá chuid, na sé chontae sa tuaisceart agus na sé chontae is fiche sa deisceart, shocraigh lucht sacair an deiscirt, cumann s’acu féin a thoiseacht agus a bhunú, Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland, F.A.I).

D’amharc an cumann seo i ndiaidh cúrsaí sacair sna sé chontae is fiche, Saorstát nua na hÉireann. Lean Cumann Sacair na hÉireann

ar aghaidh ag tabhairt aire do chúrsaí sacair

sa tuaisceart, sna sé chontae, Cumann Sacair

na hÉireann (Irish Football Association, I.F.A). Leanann an dá eagraíocht ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann, agus ar an ábhar go raibh dhá eagraíocht ann, dhá thír ann, tháinig ann do dhá fhoireann idirnáisiúnta, Éire- sé chontae is fiche contae agus Tuaisceart na hÉireann - sé chontae. Mar sin, dhá shráith, dhá chorn, dhá údáras, dha fhoireann idir náisiúnta ar oileán beag!!

 Dhá chumann? Dhá fhoireann?

Dár ndóighe, ag an tús sna 1930aidí agus 1940aidí, bhí cuid mhór mhíthuiscint ann, bhí an dá chumann ag rá go raibh na himreoirí ag imirt ar son na hÉireann, bhí siad ag roghnú na n-imreoirí céanna fosta, ní nach ionadh gur fhás míchinnteacht! Mhair an

patrún agus an nósmhaireacht seo go dtí na 1950aidí!

Ach dé réir a chéile, d’fhás an dá eagraíocht ar shiúl óna chéile agus nuair a fuair Cumann Sacair na hÉireann oifigí nua i Windsor Avenue, seanteach, Thomas Andrews (duine de na daoine a thóg an Titanic), thosaigh ré nua ar bhealach dóibh. Mar sin, bhí dhá chumann, dhá shráith, dhá chorn agus dhá fhoireann idirnáisiúnta!!

Áfach, d’éirigh UEFA, eagraíocht sacair na hEorpa, dubh doite leis an débhríochas, den dénáisúnachas agus den dá fhoireann, ar bhealach. Sa deireadh thiar thall, bhí ar imreoirí roghnú cé acu foireann a rachadh siad leo. Bhí fadhbanna praiticiúla ann fosta, a bhain le bratach na tíre, suaitheantas agus amhrán náisiúnta na tíre fosta! Sna 1950aidí, d’fhás na heagraíochtaí óna gcéile, d’éirigh siad neamhspleách agus bhí orthu imreoirí a roghnú amháin a rugadh sa chuid sin tíre, na Sé Chontae nó na Sé Chontae is fichead.

D'athraigh Jack Charlton, an cur chuige seo le buntáiste a úsáid as “Riail an Mhaimeo”, Granny Rule, agus thiocfadh leat imirt d’Éirinn dá mba rud é gur rugadh do mhaimeo nó do dhaideo ann. D’athraigh Comhaontú Aoine an Chéasta seo arís sa bhliain 1998 agus ní mór dúinn smaoineamh ar James Mc Clean, Doire agus Mark Sykes, Béal Feirste a d’imir do na Sé Chontae is fiche.

James McClean

Sin an stair, ach cad é mar a d’éirigh leis an dá fhoireann idirnáisiúnta scartha seo ar an láthair mhór os comhair na crúinne?? Dhá fhoireann scartha nó Éire Aontaithe?

Bhuel, sin an rud a thug Cormac Moore chun solais arís san alt agus ag cur béime ar na sonraí loma go mbeadh aon fhoireann tríocha a dó contae, comhfhoireann níos fearr! Muise, nach bhfuil galf, rugbaí, haca agus cruicéad a eagrú ar bhonn náisiúnta?

Corn an Domhain a d’imir na Sé Chontae ann- 

1958- An tSualainn- ceathrú ceannais

1982- An Spáinn- dara babhta

1986- Meicsiceo- grúpa

Ábhar spéise-  Bhí Martin O’ Neill mar chaptaen in 1982. Bhuail na Sé Chontae an Spáinn! Scóráil Gerry Armstrong, ó Ard na bhFeá agus a d’imir peil le Naomh Eoin, an cúl a bhain an cluiche!

D’imir Norman Whiteside, leaid óg de bhunadh Bhéal Feirste agus imreoir Man Utd sa chomórtas 1982. Ní raibh sé ach seacht mbliana d’aois, an duine is óige le himirt ag Corn an Domhain ó laethe Pele!!!!

Tugadh cárta dearg do Mal Donaghy, fear de bhunadh Bhaile Andarsan.

Corn an Domhain a d’imir na Sé Chontae is Fiche ann-

1990- An Iodáil- ceathrú ceannais

1994- Stáit Aontaithe Mheiriceá- dara babhta

2002- An tSeapáin agus An Chóire Theas- 16 deireanach

Ábhar spéise- D’éirigh le hÉirinn teacht amach as na grúpaí ag gach Corn an Domhain a ghlac siad páirt ann. 

Thug foireann na hÉireann cuairt ar an Phápa Eoin Pól sa Róimh i 1990.

Bhuail Éire an Iodáil 1-0 ag Corn an Domhain 1994, scóráil Ray Houghton, Albanach, an cúl cinniúnach.

Thréig Roy Keane captaen na foirne, foireann na hÉireann i Saipan 2002, nuair a thit sé amach le bainisteoir na foirne, Mick Mc Carthy.

D’imir Steve Staunton, fear de bhunadh Dún Dealgan i ngach Corn an Domhain a raibh Éire ann. Dochreidte.

Áfach, ní bheidh Éire, thuaidh ná theas, sé chontae ná sé chontae is fiche, ná comhfhoireann ann ag na cluichí móra i mbliana. Glúin eile ag cailleadh amach ar eispéireas dodhearmadta a fhágann lorg ort, a chothaíonn múintearas agus tírghrá, a spreagann aclaíocht agus spórt,  a chuireann eang sa mhaide mhullaigh duit agus tú ag teacht i gcrann. Ní bhíonn sé mar an gcéanna, gan do thír féin…ach, bímis dearfach. Ní bhíonn néal gan ghealán. Bíonn an Airgintín i gcónaí ann.

Ní dhéanfaidh mise dearmad ar an Chorn an Domhain is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, Meicsiceo 1986.  Diego Armando Maradona, Dorn Dé. El Dios. Rí Naples. Pibe de Oro.

Diego!

Ar a laghad, beidh an Airgintín ann arís i Meiriceá Thuaidh. An Albiceleste, spéirghorm agus bán, tír Diego, cuimhní cinn m’óige,  tír Ché Guevara agus an draoi beag eile atá mar laoch ag an domhan mhór sa lá atá inniu ann, Lionel Messi.

 An Airgintín Abú, sílim go dtabharfainn tacaíocht dóibh thar Éirinn le bheith ionraic!

Bainigí sult as Corn an Domhain 2026! 

WhatsApp logo Roinn ar WhatsApp

Bí ar an eolas faoi phobal na Gaeilge

Faigh nuachtlitir uainn go rialta lán go béal leis an scéala is déanaí.

Léigh ár bpolasaí príobháideachais

Mol lárnach digiteach, áit a bhfuil gach eolas maidir le seirbhísí, imeachtaí agus nuacht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Déan teagmháil linn
Le tacaíocht ó Foras na Gaeilge